Gaois

sciot scot a dhéanamh (de)

Leathnath

Ceannfhocail

sciot, scot, déan

Cur síos

Neamhní a dhéanamh de rud.

Samplaí corpais

  • Tá an méid sin de shaoghal bhréige an óraing útaing bhoicht iompuighthe taobh síos suas. Tá sgiot sgot déanta de leath a chod' uaisleacht' ar an bhfear mbocht. Ní fhéadaim gan gáire dhéanamh nuair a chím anois é ghá mhaoidheamh go láidir go bhfuil an Gaeluinn aige go blasta agus go raibh sí riamh aige.

  • Thabharfadh sé eólus agus teagasg agus tuisgint do'n chine daona, go dtí gur bhain Deirdre a mheabhair as glan. Dhein sí sgiot sgot dá chiall uasal. Ná bíodh ceist ort, a oide. Tháinig cara de m'cháirdibh sídhe chugham-sa le déanaighe agus do leighis sé mo chréachta.

  • Níor thuig Gladstone go raibh fhéachaint ar aoinne congnamh a thabhairt dóibh chun an chíosa san do bhaint amach. Thaisbeánadar féin ná raibh aon uraim do dhlígh acu nuair a dheineadar sgiot sgot de'n dlígh úd an leórghnímh. Gan congnamh ó'n riaghaltas ní raibh aon bhreith acu ar aon tsaghas cíosa bhaint amach.

Samplaí breise