Tadhg an dá thaobh
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Duine fealltach cluanach; duine liom leat.
Samplaí corpais
Má thuigid muíntir Chorcaíghe gur plámás agus cimilt bhaise atá ar siúbhal indiu agat ní chuirfid siad puínn suime sa spídiúchán a dhéinis indé ortha. Tabharfid siad "Tadhg an dá thaobh" ort.
Tadhg an dá thaobh
Crostagairtí
Samplaí breise
"Tadhg an dá thaobh," "double-faced Tim"; any person who favours two sides at once.
Tadhg an dá thaobh, two-faced person.
Tadhg an dá thaobh, one who takes both sides, a double dealer
Tadhg an dá thaobh iseadh é. Duine a mholann le gach taobh. Bíonn sé a d'iarraidh caradas an dá dhreama a bheith aige, cé go mbeidís sin 'na ndearg náimhdibh dá chéile. "Teanga liom leat" iseadh a leithéid.
2. A double-faced man, Tadhg an dá thaobh.
4. Tadhg an dá thaobh. Teanga liom leat. Duine a bheadh ag iarraidh "an dá thrá a fhreastal" chun dul ó fhearg an dá thaobh.
Tadhg an dá thaobh: teanga liom leat: duine nach féidir iontaoibh a bheith agat as: ceirt ar gach tor.