aer an tsaoil
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
(Ar thóir) pléisiúir agus gnéithe neamhfhuaimintiúla an tsaoil.
Samplaí corpais
An t-é atá do réir nádúra bíonn a ghreann ar neithibh cruthuighthe; ar a cholainn féin; ar bhaois; ar aer an tsaoghail. Ach an t-é atá do réir ghrásta Dé bíonn a ghreann ar Dhia agus ar na sobhailcíbh.
An Múineadh. Seachain aér an tsaoghail. Seachain an uaisleacht nár thaithíghis. Ní cathair mar a tuairisg í. Is buan fear 'n-a dhúthaigh.
An saoghal so, aer an tsaoghail seo, baois an tsaoghail seo, uabhar an tsaoghail seo, saidhbhreas an tsaoghail seo, pléisiúr an tsaoghail seo, siniad na neithe a bhí ag déanamh buartha do'n chuid ba mhó de'n phobul Eabhra, i gcaitheamh a n-aimsire go léir nách mór; agus ní targaireacht, ná fáidh, ná Slánuightheóir le teacht, ná an chuma 'na ndéanfaí an slánughadh.
Crostagairtí
Samplaí breise
D'ime sé le haeur an tsael. He went with the vanity of the world, i.e., He ran a wild career.
D'imthigh sé le h-aodhar an tsaoghail. He ran a wild career. Lit., He went off with the stream of the world's vanitites.
Tá an mhuinntir óg imthighthe (ag imtheacht) le h-aer a' tsaoghail = gan aoinní ach aereacht sgléip a's caitheamh aimsire a bheith a' dhéanamh buartha dhóibh.
Aér an tsaoghail, the vanities and pleasures and enjoyments of the world. D'imigh sé le h-aér an tsaoghail, he ran a wild career and was lost.
4. Gaiety, pleasure. Aer an tsaoil, the pleasures of the world. Ag imeacht le haer an tsaoil, pleasure-seeking, leading a gay life. Chaith sé a chuid airgid le haer an tsaoil, he spent his money on pleasure.
ag imtheacht le haer an tsaoghail, wandering aimlessly about, leading a purposeless, improvident life;
D'imthigh sé le h-aer an tsaoghail. D'imthigh sé chun fáin. D'imthigh sé chun raice. Ba chuma leis cad a dhéin a leas, acht scléip agus aoibhneas a bheith aige.
Bhí sé ag imeacht le haer an tsaoil: ar nós cuma liom.