Gaois

a chuid agus a chlú

Figurative idiom

Headwords

cuid, clú

Description

Dea-cháil, dea-ainm an duine.

Corpus examples

  • Dubhairt tuilleadh acu nár bh'é ach gur bh'é an Daghdha Dearg é. B'é críoch an aighnis acu é gur shocruigheadar 'n-a n-aigneadh gur bh'é Manannán mac Lir é. D' fhan an t-airgead ar bhrat Thaidg. Bhí a chuid agus a chlú ag Tadhg.

  • Gobnait. - Agus dáltha an sgéil, feuch gur beag d'á bhuidhchas a bhí air. Bhí a chuid a's a chlú aige ag imtheacht dó. Cáit. - Ciacu clú, a Ghobnait, clú na macántachta nó clú na diablaidheachta? Gobnait. - Maith an áit go rabhais, a Cháit.

  • Tadhg: Thánadar i bhfochair a chéile agus dhéineadar cómhairle, má 'sé do thoil é, agus ghealladar d'á chéile go daingean, ná dúnfidís féin aon tigh tabhairne Lá 'le Pádraig, pé rud a bhí le h-imtheacht ortha! Donchadh: Agus cad a bhí acu de bhár na comhairle sin, agus de bhár na geallamhna, má fhan na daoíne ar an dtaobh amuich de dhorus acu? Bainfar casadh as an sean-fhocal dóibh. "Ní raibh a gcuid 'ná a gclú acu." Tadhg: Ní misde dhuit an sean-fhocal d' fhágáilt mar atá sé acu. "Tá a gcuid agus a gclú acu"; droch chuid agus droch chlú.

Additional examples