Gaois

ó thaobh taobh

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

taobh

Cur síos

Ó gach treo.

Samplaí corpais

  • Dhein sé bóithre móra ó thaobh taobh agus ó cheann ceann d' oileán na h-Éirean, agus dhein sé drochaid bhreaghtha leathana láidire ins na h-áiteanaibh 'n-a dtéidheadh na bóithre sin treasna aibhní, i dtreó gur dhein sé tairbhthe ana mhór do'n phoibilidheacht, mar gur chuir sé ar chumas daoine dul ar chuardaibh fada gan an iomad trioblóide.

    Foinse: Niamh

    Leathanach: 126

  • Tá tolg Chú Raoi ag brúth soir ar fhearaibh Uladh. Tá an dá shluagh, ó thaobh taobh ag cur an chatha. Táid na céadta corp ar lár, agus tá ceó fola ag eirghe os cionn an chomhraic mar a bheadh ceó ar abhainn maidean foghmhair.

  • Dubhairt sé, agus shiubhluigh sé tríd an gcathair ó thaobh taobh 'ghá dheimhniú dhúinn go dtí go raibh píoparnach i n-ár gcluasaibh ó bheith ag éisteacht leis, go ndísgeófí Ninebheh i gcionn dachadh lá. Siniad an dachadh lá imthighthe agus gan dísgiú ná cuid de dhísgiú tagaithe ar Ninebheh!

Crostagairtí

Samplaí breise