Gaois

gan cor (ná lúb) ina chroí

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

cor, croí, lúb

Cur síos

Duine nach bhfuil cleasach nó glic; gan aon tréithe folaithe ann.

Samplaí corpais

  • Nách uathbhásach an ara í! Cad é mar fhéadan sí caint agus sult agus gairí dhéanamh, gur dhóich le duine ná fuil cor ná lúb 'n-a croídhe ach oiread leis an leanbh! Do bhuaidh sí ar a bhfeaca riamh! Ní fheadaraís a leath, a Thaidhg.

    Foinse: Niamh

    Leathanach: 167

  • "Ag magadh athaoín tú, a mháthair!" ar seisean. "Ní h-eadh, a mhic mo chroídhe!" ar sise. "Lom dáiríribh atáim. Ní'l cor 'n-a croídhe ná 'n-a h-aigne ná fuil 'fhios agam."

    Foinse: Niamh

    Leathanach: 196

  • Chonac ag cur na súl tríom í, agus bhí 'fhios agam go raibh an t-amhsas aici orm, ach d'fheuchas suas uirthi chómh símplídhe, chómh neamhthuairmeach san gur dhóich leat ná raibh cor am chroídhe.

Úsáid

Is féidir comhpháirt amháin (croí) den nath seo a idirmhalartú le hainmfhocal eile: aigne.

Samplaí breise

  • 1. (a) Is iomaí cor is lúb ann, it is full of twists and turns; (of person) he is full of wiles. Níl aon chor ina chroí gan fhios dom, I can anticipate his every thought; I know all his tricks.

  • 9. Craft, deceit. Tá lúb ina chroí, he is deceitful at heart. Sionnach na lúibe, the cunning fox. Is iomaí cor is lúb ann, he is a very tricky person. Aithním gach cor is lúb dá bhfuil ann, I am up to all his dodges.

Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.