Gaois

an seanscéal i gcónaí

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

scéal, cónaí

Cur síos

Scéal nó iompar mar is dual; scéal fadálach atá cloiste cheana.

Samplaí corpais

  • Ansan tháinig an dlígh; na prísúnaigh; an chúirt; na trialacha; agus - an seana sgéal i gcómhnuighe - an t-informer. Agus cé r' bh' é an t-informer, an dóich leat? Duine des na cinn uraid. Fear go raibh eólus agus fios a ngnóthaí go léir aige!

  • An seana sgéal i gcómhnuidhe, "Divide et impera." Na Rómhánaigh 'ghá dhéanam an uair sin go dtí go raibh an domhan fé smacht acu, agus muinntir Shasana 'ghá dhéanamh anso i n-Éirinn le seacht gcéad blian.

  • Innstear, ámhthach, an seana sgéal i gcómhnuidhe, gur shleamhnuigh clann Israéil i leithtaoibh, isteach in sna seana dhroch bhéasaibh, agus gur leog an Tighearna dhóibh tuitim fé smacht na bhPhilistíneach ar feadh dachad blian.

Crostagairtí

Samplaí breise

Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.