Gaois

ag baint codladh na hoíche (de)

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

codladh, oíche, bain

Cur síos

Ag déanamh imní nó buartha do dhuine.

Samplaí corpais

  • An fhaid a bhí an gnó san ag Héród 'á dhéanamh i dtaobh Huircánuis a thabhairt leis anoir ó Bhaibilóin bhí tuille agus a dhóithin de ghnóthaíbh eile ag déanamh buartha dhó agus ag baint codla na h-oidhche dhe sa bhaile i gcathair Ierúsalem.

  • Mheasas ansan go gcaithfí na daoine go léir amach as a gcuid tailimh, agus go mbéadh airís againn an léirsgrios a deineadh ar Éirinn i mbliain a h-ocht a's dachad. Bhíodh an machtnamh san ag baint codla na h-oídhche dhíom.

  • Beidh neart do chúigíbh eile na hÉirean a n-anál do tharang feasda agus a suaineas a ghlacadh agus beatha bhreágh shocair shóghach a bheith acu 'na mbailtibh dúthchais, gan uabhar agus teasbach agus ainnshriantacht Uladh bheith ag baint codla na h-oidhche dhíobh. Gheabhfar sos ó n-a bhfilíbh agus ó n-a lucht aisge agus aoir.

Crostagairtí

Samplaí breise