ag fulaingt na croise
Figurative idiomHeadwords
Description
Ag glacadh le hualach, le deacracht nó le trioblóid.
Corpus examples
Ach san am gcéadna, i lár na peanaide go léir, ní'l an duine sin gan gaoth sóláis ag teacht chuige. Ag fulang na croise dhó tuigeann sé i n'aigne go bhfuil an sochar spioradálta ag dul i méid dó. Fuilingeann sé an t-ualach le lán chroídhe, agus ansan is mainighin as Dia agus súil le sólás a bhíonn aige i n-inead an ualaigh.
Usage
Comhthéacs reiligiúnda amháin aimsithe.
Additional explanation
- Cros le hiompar, ag iompar na croise = ag fulaingt.
- Ag glacadh le pé anró nó trioblóid ar son Dé.
- Ag iompar na croise, cros Chríost, ag fulaint níos mó. Aithris a dhéanamh ar Chríost.
- Ag glacadh gan gearán le hualach/deacracht/le trioblóid go m'fhearr leat ná beadh ort. May I carry your cross for Ireland, Lord (Thomas Ashe). Sin an cros atá le hiompar agam/agat.