Gaois

i láimh

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

lámh

Cur síos

Gafa; faoi smacht ag duine.

Samplaí corpais

  • De bhárr na gabhála so atá déanta agat orm-sa anocht beidh tusa féin bliain i láimh i n-Eamhain Mhacha agus ní thiocfair as gan rogha do shéad agus do mhaoine fhágáilt ad' dhiaigh ann.

  • Nuair a thánadar i bhfochair a chéile dubhairt sé leó: A fheara, a bhráithre, do tugadh mise gabhtha, ó Ierúsalem, i lámhaibh na Rómhánach, agus gan aon nídh agam 'á dheanamh i gcoinnibh na ndaoine ná i gcoinnibh nós ár sínsear.

  • Ach tá 'fhios again cad a thuit amach. Nuair a bhí sé i lámhaibh a namhad, gabhtha, agus é ag fulang na páise, chun na cine daona do shaoradh, do chaill na deisgiobuil go léir air.

Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.