scéal ná duan
LeathnathCeannfhocail
Cur síos
Tásc ná tuairisc.
Samplaí corpais
D'imthigh an samhradh fé mar a dh'imthigh an t-earrach, gan trácht ar shluagh ná ar ullmhúchán, agus d'imthigh an foghmhar 'na ndiaidh ar an gcuma gcéadna. Bhí Ó Domhnaill sa Bhruinne agus a chroidhe go cráidhte, agus gan sgéal ná duain ag teacht chuige ó'n rí.
D'imthigh dhá lá eile agus ní raibh sgeul ná duain ó Shéadna. Bhí iongnadh mhór ar Dhiarmuid. Bhí iongnad ba dhá mhó 'ná san ar Shadhbh.
"Cá bhfuil sí?" arsa Diarmuid. "Nó cad 'tá 'ghá coimeád amuich? Nó cad fé ndeara dhí imtheacht agus gan sgéal ná duain do chur chúgam abhaile anso go mbéadh a fhios agam ciacu beó nó marbh atá sí? Is olc a dhéin sí orm é."
Úsáid
Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.
Crostagairtí
Samplaí breise
Ní raibh scéal ná duain aige = an scéal beag i n-ao' chor
Níl scéal ná duan agam, I have nothing to say or sing. Ní bhfuair mé scéal ná duan uaidh, I heard nothing from him; I have got neither tale nor tidings of him.