Gaois

gaige gan éifeacht

Leathnath

Ceannfhocail

éifeacht, gaige

Cur síos

Staigín nó duine gan fuaimint; rud nach mbaintear úsáid as.

Samplaí corpais

  • Donchadh: Ní h-ag gluaireán atáim, ná ag camhrán, ná ag lochtúchán, ach nuair a chuimhnighim ar an gcluiche, agus ar an gclipe, agus ar an bhfiach atá déanta againn i gcaitheamh na bliana, ar na staigíníbh, agus ar na meisgeóiríbh, agus ar gach aicme galánta eile acu, ní fhéadaim gan bheith míchéadtach, cancarach, feargach, nuair a chím fós iad, ar leacachaibh na sráide, gach aon ghaige gan éifeacht acu agus a phlaoisgín folamh anáirde aige agus gan oiread agus aon fhocal amháin Gaeluinne 'n-a phluc!

  • Tháinig na leabhair. Tá leabhair a dhóithin anois ag aoinne gur maith leis úsáid a dhéanamh díobh. Ach tá lucht an mhustair agus an díomhaointis chómh fada ó aon úsáid a dhéanamh agus bhíodar riamh. Tá an bhréid ortha fós chómh cluthar agus bhí sé ortha nuair a bhídís 'ghá mhaoidheamh nár bh'fhios cad é an t-éirleach a dhéanfidís ag foghluim Gaeluinne dá mbeadh cothrom Leabhar acu. Ní fheadar an tsaoghal, a Thaidhg, cad déanfar leó. Thugamair staigíní ortha. Thugamair rudaí Gallda ortha. Thugamair gaigí gan éifeacht ortha. Ní fheadar an bhfuil aon mhaith dhúinn ann.

  • Tá obair mhór mhaith déanta i gcaitheamh na bliana. Do dheinamair féin cion beirte dhe. An gaige gan éifeacht úd a dubhraís, is lugha an meas atá anois air 'ná mar a bhí air bliain an taca so.

Míniú breise

  • Gallamhaisire gan mhaith.
  • Duine gan tairbhe agus é ina bhodhaire.