Gaois

meascán mearaí (ar)

Leathnath

Ceannfhocail

mearaí, meascán

Cur síos

Mearbhall intinne; meadhrán.

Samplaí corpais

  • Tá Méibh géarchúiseach a dóithin chun an sgéil a thuisgint ach deirtear gur tháinig measgán mearaidhe éigin ar a haigne agus ar a hinntinn nuair a eirigh an liú uathbhásach úd, agus go bhfuil a ciall ag leathadh uirthi ó shin.

  • Babel a tugadh mar ainm ar an dtúr. Cialluighean Babel measgán mearaidhe, nú cur thré chéile. Ní gan fáth a tugadh an ainm. Do chur an measgadh urlabhra úd measgán mearaidhe agus cur thré chéile i gceart ar an muinntir a bhí ag déanamh an túir, agus níor bhréag túr Bhabel a thabhairt air. Mírbhúilt mhór ó Dhia ab eadh an measgadh urlabhra san.

  • Bhí an sgoil chómh maith san go dtagadh sgoláirí chúichi ó'n ndúthaigh go léir mór-thímpal. Is cuimhin liom go maith go raibh an measgán mearaidhe céadna ar an máighistir sin a bhí ar Chormac ua Luasa i gCaraig an Ime, i dtaobh cad é an rang sa sgoil ' n-ar cheart mé chur.

Crostagairtí

Samplaí breise