Gaois

gabháil de chosa

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

cos, gabh

Cur síos

Rud nó duine a chur faoi chois.

Samplaí corpais

  • Ansan, an cigire ag teacht agus ag gabháil de chosaibh ins gach aon rud; ag spídiúchán ar na múinteóiribh, os comhair na leanbh go minic, nuair ná cuiridís Béarla cruinn i mbéalaibh na leanbh, agus ag spídiúchán ar na leanbhaíbh nuair a déarfadh leanbh acu, "I do be," nó, "We does be."

  • Ní'l bac ar gach aon ghiola-mo-leithéid gabháil do chosaibh inti.

  • Siné an creideamh a mhúin muintir na h-Éirean airís do náisiúnaibh na h-Eórpa, nuair a bhí na slóighte fiadhaine a tháinig as na tíorthaibh thuaidh tar éis gabháil do chosaibh i gcómhacht na Rómha agus tar éis an chreidimh a mhúchadh ins gach aon bhall, ó'n Almáinn go dtí an Spáinn agus ó chríochaibh Lochlan soir go dtí an áit 'n-a raibh Cathair na Trae lá éigin.

Crostagairtí

Samplaí breise

Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.