Gaois

an leaca eile a iompú

Leathnath

Ceannfhocail

leaca, iompaigh

Cur síos

Neamhaird a thabhairt ar mhaslaí; gan díoltas a bhaint amach.

Samplaí corpais

  • Ach deirim-se libh-se gan cur i n-aghaidh uilc; ach má bhuaileann duine thú ar an leacain ndeis, iompuigh an leaca eile chuige, leis.

  • Is breágh í an fhoidhne, acht is mairg a leigfadh d'aoinne gabháil de chosaibh ann. "Nuair a buailfar ar leacain tu iompuig an leaca eile."

Úsáid

Comhthéacs reiligiúnda amháin aimsithe.