Gaois

fiuchadh fola

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

fiuchadh, fuil

Cur síos

Racht feirge.

Samplaí corpais

  • Dá mbéadh an sgéal mar sin, agus gur sa Ghaeluinn a déanfí an fhilídheacht, ní túisge bhéadh dán di le léighe sa phápeur 'ná mar a bhéadh an dán san, 'n-a lán bhrígh agus 'n-a lán chumas agus 'n-a lán chómhacht, i mbéal agus i n-aigne agus i gcroídhe an uile dhuine i n-Éirinn, uasal agus íseal, óg agus aosta, léigheanta agus gan léighean; agus an neart, agus an fuinneamh, agus an dásacht, agus an fiuchadh fola, agus an fuadar chun gníomh, ag comáint na ndaoíne go léir do thoil a chéile ar aon bhóthar amháin.

  • Donchadh: Do chuir an chaint a dhéinis an lá déanach, i dtaobh "fiuchadh fola," ag machtnamh mé.

  • Chuirfadh ceann d'abhránaibh Eóghain Ruaidh, nú d' abhránaib Sheághain Chláraigh, a gcuid fola ag fiuchaigh dos na daoíne sin agus ag gluaiseacht tré n-a mballaibh beatha 'n-a caisíbh ar buile.

Míniú breise

  • An fhuil ag preabadh ina chroí.

Samplaí breise

Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.