Gaois

anonn agus anall (2)

Nath fáthchiallach

Ceannfhocail

anall, anonn

Cur síos

I ngach treo; go fánach.

Samplaí corpais

  • Nuair a chonnaic na gráséirí an capall iasachta tagaithe ameasg a gcapall féin, chromadar ar chaint go h-árd; agus iad ag easgainí agus ag liúirigh, agus iad ag rith anonn 's anall ameasg a gcapall féin, a d'iarraidh an chapaill iasachta do dheighilt amach uatha agus do dhíbirt.

  • "Tá go maith!" arsa'n stracaire. "Seo ag imtheacht uaibh me, a ghallóglacha Uí Dhomhnaill. Cimeádaidh me! Cimeádaidh me!" Bhí sé ag rinnce anonn 's anall agus an chaint sin ar siubhal aige.

  • 'Cá bhfuil an fear d'inis an sgéal san?' arsa mise. "Tá sé anso istigh," ar siad. Chuadhmair isteach. Ní raibh a thuairisg ann. Do ritheadar anonn 's anall 'ghá chuardach. Ní raibh sé le fághail ach mar shloigfeadh an talamh é.

Crostagairtí

Samplaí breise