Gaois

Maidir le Bailiúchán Nathanna an Athar Peadar Ó Laoghaire

1. Eolas ginearálta

Is aschur taighde é an bunachar nathanna seo a d’eascair as PhD a rinne Katie Ní Loingsigh in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tugtar léargas ann ar bhailiúchán nathanna as leabhair fhoilsithe an Athar Peadar Ó Laoghaire. Tá cuntas sa bhunachar ar 420 nath agus déantar taifeadadh ar bhreis agus 1,000 sampla úsáide as saothar foilsithe an Athar Peadar. Is ionann nath agus cineál frásaeime a bhfuil brí fháthchiallach leis i gcás an chlásail ina iomláine nó brí aonadach nach féidir a dhéanamh amach as brí na gcomhpháirteanna aonair den nath.

Conas cuardach a dhéanamh

Is féidir an bailiúchán a chuardach ach focal nó frása a scríobh isteach sa bhosca cuardaigh nó is féidir focal randamach molta a roghnú as liosta na moltaí atá faoi bhun an bhosca cuardaigh.

Liosta na nathanna

Is féidir liosta iomlán na nathanna sa bhailiúchán a bhrabhsáil in ord aibítre. Is féidir nathanna a chuardach de réir chéadlitir an natha agus teacht ar bhreis eolais faoi nath sonrach ach cliceáil ar an nath sin. De bhreis air sin, is féidir nathanna a chuardach de réir aicmí séimeantacha. Déantar achoimre ar na ceithre haicme shéimeantacha anseo thíos.

  • Fíornath: Is nathanna neamh-chomhdhéanta iontaisithe iad fíornathanna, i.e. ní féidir brí an natha a dhéanamh amach as brí na gcomhpháirteanna aonair den nath.
  • Nath fáthchiallach: Tá brí neamh-chomhdhéanta le nathanna fáthchiallacha ach tá nasc níos intuigthe ann idir brí litriúil an natha agus brí nathach an natha ná mar atá ag fíornathanna. D’fhéadfaí brí bhunúsach an natha a dhéanamh amach as brí na gcomhpháirteanna aonair den nath i ngeall ar an mbrí fháthchiallach atá leis an nath.
  • Leathnath: Tá comhpháirt litriúil agus comhpháirt fháthchiallach i leathnathanna.
  • Nath a bhfuil neamhfhocal ann: Tá líon teoranta nathanna ann a mbíonn focail iontu nach bhfuil aon bhrí ag baint leo agus ní thagann siad chun cinn ach amháin i gcomhcheangal frásaíochta áirithe.

Foinsí corpais

Tiomsaíodh corpas de leabhair fhoilsithe an Athar Peadar agus leanadh cur chuige corpais sa tionscadal taighde seo. Sholáthair Acadamh Ríoga na hÉireann formhór na saothar a bhí de dhíth i bhformáid dhigiteach agus tras-scríobhadh na saothair eile chun corpas iomlán de na leabhair fhoilsithe Gaeilge le Peadar Ó Laoghaire a thiomsú. Tá taifeadadh déanta ar theideal, údar, foilsitheoir agus bliain fhoilsithe gach foinse sa chorpas.

Foinsí breise

Baineadh úsáid as roinnt foinsí foclóireachta, idir fhoinsí foilsithe agus neamhfhoilsithe, chun brí agus míniú an natha a shoiléiriú. Tá taifeadadh déanta ar theideal, údar agus/nó eagarthóir agus bliain fhoilsithe gach foinse breise.

2. Leagan amach an natha

Bunfhoirm: Leagtar amach gach nath ina bhunfhoirm nó ina fhoirm chanónta. Le heagar a chur ar an ábhar canúnach leagadh amach gach nath ina mbunfhoirmeacha uile de réir nósanna an Chaighdeáin Oifigiúil. Fágadh leaganacha áirithe neamhchaighdeánacha sna bunfhoirmeacha nuair a bhí fianaise láidir ann i bhfoinsí foclóireachta barántúla nó ó fhaisnéiseoirí teanga gur leagan iontaisithe den nath a bhí ann.

Ceannfhocal: Rinneadh taifeadadh ar cheannfhocail gach natha i ndiaidh bhunfhoirm an natha sa bhunachar. Go príomha, rinneadh taifeadadh ar ainmfhocail, aidiachtaí, dobhriathra agus briathra an natha. Liostaítear na ceannfhocail in ord aibítre.

Cur síos: Rinneadh cur síos ar gach nath sa bhunachar trí pharafrása den nath a sholáthar bunaithe ar an bhfaisnéis a fuarthas ó fhaisnéiseoirí teanga agus as saothair foclóireachta. I gcás nathanna a raibh neamhréireachtaí brí ag gabháil leo, tugadh tús áite do mhíniú Pheadair Uí Laoghaire féin, na foinsí foclóireachta canúna agus na faisnéiseoirí teanga chun cur síos a dhéanamh ar an nath a bhí faoi chaibidil. I gcásanna nach raibh aon fhaisnéis ar fáil ó fhoinsí eile, braitheadh ar chomhthéacs an natha chun an bhrí a shoiléiriú.

Sampla corpais: Tugadh suas le trí shampla chomhthéacsúla den nath ón gcorpas chun úsáid an natha a thaispeáint agus chun leaganacha malartacha an natha a léiriú. Fágadh na samplaí sin, ar leaganacha malartacha an natha iad in amanna, ina mbun-chomhthéacsanna agus níor cloíodh le litriú an Chaighdeáin sna samplaí sin. Rinneadh taifeadadh den fhoinse inar aimsíodh an nath maille leis an leathanach ar a dtagann an nath chun cinn.

Úsáid: Áiríodh nótaí eolais chun gnáthúsáid agus/nó bunús an natha a léiriú.

Crostagairtí: Baineadh úsáid as córas crostagartha chun nathanna comhchosúla a nascadh le chéile agus chun nathanna a cheangal le nathanna eile a bhfuil bríonna cosúla leo. Ní nasc é idir nathanna comhionanna amháin ach córas crostagartha idir nathanna ina léirítear bríonna cosúla.

Samplaí breise: Rinneadh taifeadadh ar aon tagairt don nath a bhí faoi chaibidil nó ar aon fhaisnéis inar léiríodh brí an natha. Is é sin, rinneadh taifeadadh ar fhaisnéis a fuarthas ó fhaisnéiseoirí teanga agus ar fhaisnéis nach raibh ag tagairt go sonrach don nath a bhí faoi chaibidil. Scríobhadh aon fhaisnéis a aimsíodh sna saothair sin díreach mar a léirítear í iontu. Fágadh ceannlitreacha, marcanna poncaíochta, etc., díreach mar a fuarthas sa bhunfhoinse iad.

Míniú breise: Rinneadh taifeadadh ar aon fhaisnéis a fuarthas ó fhaisnéiseoirí as ceantar Mhúscraí agus fágadh an téacs díreach mar a fuarthas ó na faisnéiseoirí é.

3. Eolas breise

Is féidir breis eolais a fháil ar inneachar an bhunachair anseo.

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le hAcadamh Ríoga na hÉireann, Foras na Gaeilge, Sketch Engine, an tOllamh Kevin Scannell (Saint Louis University), an Dr Elaine Uí Dhonnchadha (Coláiste na Tríonóide), Michal Boleslav Měchura (Masaryk University), Ronan Doherty, Domhnall Ó Loingsigh, Dónal Mac Suibhne, Dónal Ó hÉalaithe, Donnchadh Ó Luasaigh, Liam Ó hÉigeartaigh, Máiréad Uí Lionáird, Peadar Ó Ceallaigh, Tómas Breathnach, an Dr Brian Ó Raghallaigh (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath) agus an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath) as cuidiú linn le gnéithe éagsúla den tionscadal seo.

Cuirfear fáilte roimh aiseolas i gcónaí agus is féidir dul i dteagmháil le foireann Gaois ag gaois@dcu.ie.