Gaois

Nuacht Gaois

17 mír nuachta

  1. Comhaltacht PhD

    22 Eanáir 2024

    An spéis leat teacht agus PhD a dhéanamh le Gaois? Féach seo »

    Spriocdháta: an 26 Aibreán 2024.

  2. Féile Haiceála FSG 2023

    27 Deireadh Fómhair 2023

    Tá féile haiceála á reáchtáil ag Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU:

    Beidh bia agus deoch saor in aisce agus duaiseanna!

    Más ríomhchláraitheoir le Gaeilge thú, bí linn!

  3. Beidh Gaois ag an Oireachtas!

    12 Deireadh Fómhair 2023

    Buail isteach ag seisiún eolais ag 3.30, Dé Sathairn 4 Samhain. Cuirfear forbairtí úrnua ar ár gcuid tionscadal i láthair agus beidh foireann Gaois ar fáil le ceisteanna a fhreagairt agus le glacadh le moltaí.

    Beidh seastán ag Fiontar & Scoil na Gaeilge ag Aonach an Oireachtais chomh maith agus ba bhreá linn dá stopfadh lucht úsáide ár gcuid acmhainní isteach le beannú dúinn.

  4. Folúntas

    18 Meán Fómhair 2023

    Tá folúntas againn do chúntóir taighde amach go deireadh 2024. Beidh an duine a earcófar ag obair in éineacht linn ar thionscadail taighde Gaois. Gach eolas anseo ». Is é an 20 Meán Fómhair an spriocdháta d'iarratais.

  5. Suíomh nua Dúchas

    3 Iúil 2023

    Seoladh suíomh nua agus bailiúchán fuaime Dúchas le déanaí. Féach seo »

    Tá cnuasach béaloidis Sheáin Mhic Mhathúna ar fáil ar Dúchas anois freisin. Féach seo »

  6. Comhaltacht PhD

    28 Aibreán 2023

    An spéis leat teacht agus PhD a dhéanamh le Gaois? Féach seo »

    Spriocdháta: an 28 Iúil 2023.

  7. Folúntas

    22 Lúnasa 2022

    Spriocdháta: an 5 Meán Fómhair 2022.

  8. Siompóisiam Téarmeolaíochta

    22 Márta 2022

    Reáchtálfar siompóisiam lae den teideal 'An Ghaeilge agus an Téarmeolaíocht' ar an 6 Aibreán i Leabharlann Uí Chriagáin, Campas Phádraig DCU. Is féidir clárú (saor in aisce) ar Eventbrite. Clár ar fáil anseo.

  9. Suirbhé - Corpas Náisiúnta

    2 Feabhra 2022

    Cuireann muid fáilte roimh aiseolas ó na daoine agus na dreamanna a mbeidh leas á bhaint acu as Corpas Náisiúnta na Gaeilge. Suirbhé ar fáil anseo go dtí deireadh mhí Feabhra.

  10. Beannachtaí na Nollag

    22 Nollaig 2021

    Nollaig faoi shéan agus athbhliain faoi mhaise daoibh ó fhoireann Gaois. Beimid ar ais san oifig ar an 4 Eanáir 2022 agus freagrófar fiosrúcháin ina dhiaidh sin.

  11. Obair chothabhála

    15 Samhain 2021

    Beidh obair chothabhála theicniúil riachtanach a bhaineann leis an suíomh seo ar siúl idir 10:30-11:30pm anocht, 15 Samhain. D'fhéadfadh nach mbeadh an suíomh ar fáil ar feadh 5-10 nóiméad le linn na tréimhse seo.

  12. Comhaltacht PhD

    26 Bealtaine 2021

    Comhaltacht Taighde PhD bunaithe ar dhaoine ar iarraidh in ainm.ie.

    Spriocdháta: meán lae, an 5 Iúil 2021.

  13. Obair chothabhála

    22 Eanáir 2021

    Beidh uasghrádú infreastruchtúir riachtanach a bhaineann leis an suíomh seo ar siúl idir 23-31 Eanáir 2021. Níor cheart go gcuirfeadh seo isteach ar an suíomh, ach má bhíonn deacracht ar bith agat, abair linn le do thoil.

  14. ‘Mol na bhForbróirí’ seolta

    9 Deireadh Fómhair 2020

    Éascaíonn ‘Mol na bhForbróirí’ ar gaois.ie rochtain ar acmhainní sonraí oscailte, mar API Logainm, atá á mbainistiú ag Gaois i gcomhar lenár bpáirtnéirí tionscadail.

    Féach anseo le haghaidh breis eolais nó chun do chuntas féin a chruthú.