Gaois

Braislí

Braisle sloinnte is ea gach iontráil sa bhunachar. Cuimsíonn na braislí seo teideal agus liosta sloinnte. Tá sloinnte sa bhraisle chéanna mar gheall ar an ngaol léacsach idir iad agus an phríomhfhoirm Ghaeilge den sloinne. Is ionann an teideal agus an t-ainm pearsanta óna n-eascraíonn an bhraisle sloinnte. Rangaítear gach sloinne de réir teanga (Gaeilge nó Béarla) agus de réir stádais (príomhúil, stairiúil, malartach). Cuimsíonn gach sloinne Gaeilge bunfhoirm amháin chomh maith lena fhoirmeacha infhillte ar fad. Díorthaítear na foirmeacha infhillte go halgartamach ón mbunfhoirm. Níl foirmeacha infhillte ag sloinnte Béarla.