Gaois

Bunachar sloinnte Gaeilge

Bunachar teangeolaíoch sloinnte Gaeilge é seo. Cuireann an bunachar eolas domhain léacsach agus gramadúil ar fáil maidir le rogha sloinnte Gaeilge ardmhinicíochta. Tá sloinnte Gaeilge sa bhunachar eagraithe i mbraislí a chuimsíonn a gcomhchiallaigh i nGaeilge agus a macasamhlacha i mBéarla. Tugtar foirmeacha infhillte na sloinnte Gaeilge freisin. Cuimsíonn an bunachar os cionn 1,000 braisle sloinnte faoi láthair. Líonadh an bunachar de réir sonraí agus seasann gach braisle le haghaidh sloinne a tháinig ón nGaeilge agus a cláraíodh ceithre huaire nó níos mó do linbh a rugadh in Éirinn idir 2016–20. Tá súil againn leanúint orainn ag cur le líon na sonraí sa bhunachar. Cuireann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) sonraí minicíochta sloinnte ar fáil.

Is féidir an bunachar a chuardach. Cuimsíonn torthaí cuardaigh torthaí beachta (i.e. naisc chuig braislí ina bhfuil sloinne arb ionann é agus d'iarratas), torthaí gaolmhara/cosúla (i.e. naisc chuig braislí ina bhfuil sloinne arb ionann é agus d'iarratas tar éis dó a bheith fairsingithe leis an Innéacs Sloinnte Éireannacha), agus moltaí litrithe (i.e. sloinnte atá cosúil le d'iarratas de réir algartam achair eagarthóireachta Levenshtein). Is féidir cliceáil ar shloinne gaolmhar/cosúil nó ar mholadh litrithe chun cuardach arís, nó cliceáil ar cheann de na naisc chuig braislí chun an bhraisle sin a thaispeáint.

Is féidir an bunachar a bhrabhsáil go haibítreach ag úsáid ceithre (eochair) rogha shórtála.

Tá an bunachar dírithe ar úsáideoirí atá ag iarraidh sloinne a mhapáil ar a ghnáthmhacasamhail sa teanga eile nó a chaighdeánú sa teanga chéanna. Tá sé mar aidhm againn freisin cabhrú le húsáideoirí, idir dhaoine agus mheaisíní, sloinnte Gaeilge a úsáid agus a aithint i dtéacs agus in urlabhra ar bhealach atá ceart ó thaobh na gramadaí de.

Ní sholáthraíonn an bunachar tacar iomlán foirmeacha malartacha ná eolas iomlán sanasaíochta, agus ní thugann sé eolas maidir le bunús ginealaigh ná geografaigh sloinnte Gaeilge. Lena aghaidh sin, féach The Oxford Dictionary of Family Names of Ireland leis an Dr Kay Muhr agus an Dr Liam Ó hAisibéil foilsithe ag Oxford University Press.

Tá an tacar sonraí agus an t-algartam leata a úsáidtear chun na foirmeacha infhillte a ghiniúint ar fáil le híoslódáil anseo. Déantar cur síos ar struchtúr agus ar phrionsabail deartha an bhunachair san fhoilseachán seo:

Brian Ó Raghallaigh, Michal Boleslav Měchura, Aengus Ó Fionnagáin, & Sophie Osborne. (2021). Developing the Gaois Linguistic Database of Irish-language Surnames. Names, 69(1), 10–19. https://doi.org/10.5195/names.2021.2251

Foilsíodh Leagan 1.0 den bhunachar ar an 08/04/2020. Chuimsigh an leagan seo 664 bhraisle agus bhí sé bunaithe ar staitisticí ón mbliain 2017. Foislíodh Leagan 2.0 den bhunachar ar an 26/03/2022. Chuimsigh an leagan seo 1,049 mbraisle agus bhí sé bunaithe ar staitisticí ó na blianta 2016–20. Ceadaíodh Muhr & Ó hAisibéil (2021) le haghaidh na mbraislí nua i Leagan 2.0. Tá sloinnte Mag- san áireamh in Leagan 2.0. Ba thaighdeoir iardhoctúireachta Justin Ó Gliasáin ar Leagan 2.0.

  • MacLysaght, Edward. 2013. The Surnames of Ireland. 6th ed. Dublin: Irish Academic Press.
  • Muhr, Kay & Liam Ó hAisibéil. 2021. The Oxford Dictionary of Family Names of Ireland. Oxford: Oxford University Press.
  • Ó Corráin, Donnchadh & Fidelma Maguire. 1990. Irish Names. 2nd ed. Dublin: The Lilliput Press.
  • Ó Droighneáin, Muiris. 2013. An Sloinnteoir Gaeilge agus an tAinmneoir. 12th ed. Dublin: Coiscéim.