Gaois

Sórtáil

Is féidir an bunachar a bhrabhsáil go haibítreach. Tugtar ceithre (eochair) rogha shórtála:

  1. Lomfhoirm: Foirm an tuisil ainmnigh den sloinne lúide gach réimír, alt agus athrú tosaigh. Foirm nuálach inscne-neodrach í seo a forbraíodh don tionscadal seo.
  2. Bunfhoirm: Foirm fhireann an tsloinne sa tuiseal ainmneach.
  3. Gnáthfhoirm: Gnáthfhoirm an tsloinne sa tuiseal ainmneach, san fhoirm don fhear, don bhean chéile nó don iníon.
  4. Fréamhfhoirm: An t-ainm pearsanta óna n-eascraíonn an sloinne. Úsáideann muidne é seo mar theideal léacsach ar gach braisle sloinnte.

Sampla

Lomfhoirm Bunfhoirm Gnáthfhoirm Fréamhfhoirm
Fear Briain Ó Briain Ó Briain Brian
Bean chéile Briain Ó Briain Uí Bhriain Brian
Iníon Briain Ó Briain Ní Bhriain Brian
Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.