Gaois

Téarmaíocht COVID-19

Ceann de fhothorthaí phaindéim COVID-19 is ea go bhfuil muid mar phobal tar éis eolas a chur ar an-chuid téarmaí teicniúla nach raibh de dhíth orainn roimhe seo, cuid acu úrnua (‘scaradh sóisialta’, mar shampla) agus cuid acu atá ann le fada ach a bhí teoranta do réimsí na heolaíochta agus an leighis go dtí le déanaí (an téarma ‘coróinvíreas’ féin). Tá na téarmaí sin á dtiomsú againn ó thaobh na Gaeilge de sa chnuasach téarmaíochta seo. Tá súil againn go rachaidh an acmhainn seo chun tairbhe aistritheoirí, iriseoirí, oideachasóirí agus duine ar bith a bheidh ag iarraidh gnéithe teicniúla den phaindéim a phlé trí mheán na Gaeilge.

Rinneadh an taighde téarmeolaíochta in Terminologue, córas bainistithe téarmaíochta Gaois. Cláraíodh na buntéarmaí Béarla agus Gaeilge ansin agus cuireadh sonraí cuimsitheacha Gaeilge leo – réimsí eolais, sainmhínithe, samplaí úsáide, foinsí agus eolas gramadaí. Aimsíodh téarmaí Gaeilge sna meáin chumarsáide, i bhfoilseacháin rialtais agus i bhfoilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh. Bhí sé de sprioc againn léargas chomh beacht agus is féidir a thabhairt ar na téarmaí atá in úsáid sa Ghaeilge scríofa chun COVID-19 agus a mbaineann leis a phlé.

Ní cnuasach saintreorach é seo ach ceann tuairisciúil. Dá bhrí sin, is minic níos mó ná téarma Gaeilge amháin liostaithe faoin iontráil chéanna. Bíonn foinse luaite leis na téarmaí Gaeilge má fuarthas iad i gceann de na mórfhoinsí foclóireachta nó téarmeolaíochta – www.téarma.ie, www.foclóir.ieiate.europa.eu. Tá samplaí úsáide ag gabháil le formhór na dtéarmaí. Is fíorshamplaí iad seo agus tugtar an fhoinse ina bhfuarthas iad mar hipearnasc. Foireann Gaois a scríobh na sainmhínithe sa chás nach sonraítear a mhalairt.

Tá Gaois buíoch den Choiste Téarmaíochta in Foras na Gaeilge a thacaigh leis an tionscadal agus a d’fhaomh roinnt téarmaí nua-chumtha ar ár son.

Fuair an tionscadal seo maoiniú ón gclár DCU COVID-19, Mol Taighde agus Nuálaíochta. Beidh muid ag cur leis an gcnuasach seo de réir a chéile. Coinnigh súil ar chuntas Twitter @gaois_ie don scéal is déanaí. D’fháilteoimis roimh aiseolas ar Twitter nó ag gaois@dcu.ie.