Gaois

Bailiúchán téarmaíochta dátheangach a bhaineann le paindéim COVID-19. Breis eolais »

2 thoradh

    • Bitheolaíocht » Imdhíoneolaíocht

    #413007

    imdhíonacht bain3
    ga
    gu imdhíonachta, iol imdhíonachtaí
    Foinse Téarma.ie - An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge

    frithsheasmhacht in aghaidh pataigin nó galar ionfhabhtaíoch a tharlaíonn go nádúrtha nó a tháirgtear mar thoradh ar nochtadh nó imdhíonadh roimh ré

    Idir an dá linn, d’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) inniu nach raibh aon fhianaise ann go mbíonn imdhíonacht ar Covid-19 ag duine a bhfuil an galar curtha de aige.

    • Sláinte » Eipidéimeolaíocht
    • Sláinte » Sláinte an phobail

    #413011

    imdhíonacht bain3 tréada
    ga
    Foinse Téarma.ie - An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge

    frithsheasmhacht in aghaidh scaipeadh galair thógálaigh i bpobal ar leith de bharr go bhfuil imdhíonacht ar an ngalar ag céatadán ard den daonra sin

    Nuair a rinneadh fiosrú ar cad is ciall le himdhíonacht tréada ba léir gur chiallaigh sé go ligfí do sciar den phobal bás a fháil, na daoine is sine agus daoine a raibh bunghalar orthu cheana, leis an ghalar a mhoilliú.