Gaois

Téarmaíocht na Géarchéime: Téarmaí Gaeilge COVID-19

Ceann de fhothorthaí phaindéim COVID-19 is ea go bhfuil muid mar phobal tar éis eolas a chur ar an-chuid téarmaí teicniúla nach raibh de dhíth orainn roimhe seo, cuid acu úrnua ('infodemic' / 'faisdéim'?) agus cuid acu atá ann le fada ach a bhí teoranta do réimsí na heolaíochta agus an leighis go dtí le déanaí (an téarma ‘coróinvíreas’ féin). Tá bunachar téarmaíochta dátheangach á chruthú ag Gaois ina gcruinneofar le chéile na téarmaí teicniúla is mó a bhaineann le hábhar agus cúrsaí COVID-19 faoi chaibidil. Rachaidh an acmhainn seo chun tairbhe aistritheoirí, iriseoirí, oideachasóirí agus duine ar bith a bheidh ag iarraidh gnéithe teicniúla den phaindéim a phlé trí mheán na Gaeilge.

Tá an taighde téarmeolaíochta ar siúl in Terminologue, an córas bainistithe téarmaíochta a d’fhorbair Gaois agus a cuireadh ar fáil saor in aisce ar líne in 2019. Tá na coincheapa is tábhachtaí á gclárú ansin agus tá sonraí cuimsitheacha Gaeilge á gcur leo - sainmhínithe, samplaí úsáide agus, gan amhras, na téarmaí Gaeilge féin. Tá muid ag breathnú ar fhoilseacháin rialtais, foilseacháin de chuid institiúidí an AE, ábhar ó na meáin chumarsáide agus ábhar ó na meáin shóisialta chun léiriú chomh beacht agus is féidir a thabhairt ar na téarmaí Gaeilge atá in úsáid chun an víreas agus a mbaineann leis a phlé agus a mhíniú. Foilseofar an t-iomlán i mbunachar téarmaíochta Gaois ag deireadh an tsamhraidh. Cuirfear na sonraí ar fáil don Choiste Téarmaíochta in Foras na Gaeilge chomh maith, atá ag tacú leis an tionscadal.

Tá ábhar corpais de dhá chineál á thiomsú don tionscadal seo - ábhar aonteangach Gaeilge agus ábhar dátheangach Béarla-Gaeilge. Ar an leibhéal is bunúsaí tá acmhainní mar sin úsáideach chun téarmaí a aithint agus samplaí úsáide a aimsiú. Is féidir anailís níos doimhne a dhéanamh ar chorpais chomh maith, áfach, le pátrúin agus treochtaí suimiúla teanga a thabhairt chun solais. Tá súil againn tuairisc a thabhairt ar an taighde sin lá níos faide anonn.

Tá an tionscadal seo á mhaoiniú ag DCU COVID-19, Mol Taighde agus Nuálaíochta.

Coinnigh súil ar chuntas Twitter @gaois_ie don scéal is déanaí.