Gaois

Téarmaíocht IATE (Tionscadal LEX)

Ó thús 2008, tá Gaois ag soláthar ábhair Gaeilge do bhunachar téarmaíochta an Aontais Eorpaigh, iate.europa.eu i dtionscadal atá á mhaoiniú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Tá breis is 950,000 iontráil i mbunachar IATE, i 24 teanga oifigiúil an AE. Tá Gaois freagrach as cur le líon na dtéarmaí Gaeilge atá ann agus as cáilíocht an ábhair atá ann cheana a fheabhsú (trí shainmhínithe, tagairtí agus samplaí úsáide a sholáthar). Déantar an obair seo i ndlúthpháirt leis na haonaid Ghaeilge in institiúidí an AE agus leis an gCoiste Téarmaíochta, Foras na Gaeilge. Ó 2008 i leith, tá c.110,000 iontráil IATE próiseáilte ag foireann Gaois ó thaobh na Gaeilge de.

Cuirtear gach iontráil IATE a bhfuil téarma Gaeilge inti le bunachar téarmaíochta gaois.ie go tráthrialta mar aon leis na sonraí céanna don Fhraincis, don Ghearmáinis agus don Bhéarla. Cóip statach de shonraí a easpórtáladh ó IATE ag staid ar leith atá sa chnuasach seo agus ní féidir le foireann Gaois eagar a chur ar na hiontrálacha ná iad a nuashonrú.