Gaois

Téarmaí cosúla:

Bailiúchán téarmaí dlí a baineadh as Rialacha na nUaschúirteanna. Breis eolais »

5 thoradh

    • Dlí » Gnás agus Nós Imeachta Law » Practice and Procedure
    • Dlí » Dlí Sibhialta Law » Civil Law
    • Dlí » Dlí Coiriúil Law » Criminal Law

    #343761

    caingean bain2
    ga
    iol caingne, gu caingne

    imeacht sibhialta arna thionscnamh le toghairm thionscnaimh nó i cibé slí eile a fhorordaítear sna rialacha cúirte

    Aon duine nach cosantóir sa chaingean agus ar a seirbheálfar cosaint agus frithéileamh mar a dúradh, láithreoidh sé de réir an chéanna amhail is dá mbeifí tar éis toghairm a sheirbheáil air chun láithriú i gcaingean.

    Any person not a defendant to the action, who is served with a defence and counterclaim as aforesaid, shall appear thereto as if he had been served with a summons to appear in an action.

    • Dlí » Dlí Muirí Law » Maritime Law

    #343634

    caingean a bhaineann le cúrsaí muirí

    I gcaingne aimiréalachta in rem ní gá an toghairm nó an barántas a sheirbheáil i gcás ina gcomhaontóidh aturnae an chosantóra seirbheáil a ghlacadh agus go ngeallfaidh sé i scríbhinn láithreas a thaifeadadh agus bannaí a chur isteach, nó airgead a íoc isteach sa Chúirt in ionad bannaí.

    In admiralty actions in rem no service of the summons or warrant shall be required where the solicitor of the defendant agrees to accept service and undertakes in writing to enter an appearance and to put in bail or to pay money into court in lieu of bail.

    • Dlí » Dlí, Ábhair Ghinearálta Law » Law, General Matters

    #343620

    ...gur deimhin leis an gCúirt, dá mbeifí tar éis an t-éileamh a dhéanamh i gcaingean shibhialta i gcoinne aon fhreagróra nó aon fhreagróirí arna tionscnamh ag an iarratasóir tráth déanta a iarratais, go mbeadh damáistí dáfa dó.

    ...the Court is satisfied that, if the claim had been made in a civil action against any respondent or respondents begun by the applicant at the time of making his application, he would have been awarded damages.

    • Dlí » Gnás agus Nós Imeachta Law » Practice and Procedure

    #343295

    Luafar go sainráite san ordú chun caingean phionóis a imshocrú an cosantóir a bheith ag gabháil air féin an tsuim a íoc a mbeidh cead tugtha dó ag an gCúirt an chaingean a imshocrú ina leith.

    The order to compound a penal action shall expressly state that the defendant undertakes to pay the sum for which the Court has given him leave to compound the action.

    • Dlí » Dlí an Chomharbais Law » Law of Succession

    #343687

    imeachtaí cúirte chun cinneadh a dhéanamh maidir le bailíocht uachta nó bailíocht coda d'uacht

    ciallaíonn ‘‘caingean phrobháide’’ aon imeacht arna thionscnamh le toghairm thionscnaimh agus ina mbeifear ag iarraidh go ndeonófar nó go n-aisghairfear probháid, nó litreacha riaracháin, nó faoiseamh dá samhail;

    "probate action" means any proceeding commenced by originating summons and seeking the grant or recall of probate, or letters of administration, or similar relief;