Gaois

A collection of legal terms extracted from the Rules of the Superior Courts. More information »

3 results

    • Dlí » Dlí, Ábhair Ghinearálta Law » Law, General Matters

    #343249

    fianaigh br
    ga
    abr fianú, aidbhr fianaithe

    a bheith mar fhinné ar fhorghníomhú gníomhais, uachta nó ionstraim eile agus sin a dhearbhú i scríbhinn ar an ionstraim sin

    I gcás nach mbeidh achomharcóir, nó aon duine eile a n-údarófar dó nó a gceanglófar air aon fhógra a thabhairt nó a sheoladh, in ann scríobh, féadfaidh sé a mharc a chur ar an bhfógra i láthair finné agus fianóidh an finné é agus air sin measfar an fógra sin a bheith sínithe go cuí aige.

    Where an appellant or any other person authorised or required to give or send any notice is unable to write, he may affix his mark thereto in the presence of a witness who shall attest the same and thereupon such notice shall be deemed to be duly signed by him.

    • Dlí » Dlí, Ábhair Ghinearálta Law » Law, General Matters

    #343466

    ráiteas i ngníomhas, uacht nó ionstraim eile á rá go ndearnadh an ionstraim scríofa sin a fhorghníomhú go cuí i láthair finné(ithe)

    Ar iarratas ar phrobháid nó litreacha riaracháin maille leis an uacht a fháil, déanfaidh an Cláraitheoir Ceantair an uacht a iniúchadh agus féachfaidh sé an mbeidh taispeáinte le téarmaí an chlásail fhianaithe (más ann) go mbeifear tar éis na forálacha reachtúla maidir le fianú uachtanna a chomhlíonadh.

    Upon receiving an application for probate or letters of administration with the will annexed, the District Registrar shall inspect the will and see whether by the terms of the attestation clause (if any) it is shown that the statutory provisions in reference to the attestation of wills were in fact complied with.

    • Dlí » Dlí, Ábhair Ghinearálta Law » Law, General Matters
    • Dlí » Dlí Probháide agus Riaracháin Law » Law of Probate and Administration

    #343817

    fianú fir
    ga
    gu fianaithe, iol fianuithe

    fíorú forghníomhú gníomhais nó uachta le síniú an fhinné

    Níl aon fhianú ag teastáil i gcás corparáide iontaobhais; ní gá di ach a séala a ghreamú.

    Attestation is not required in the case of a trust corporation, which need only affix its seal.