Gaois

A collection of legal terms extracted from the Rules of the Superior Courts. More information »

3 results

    • Dlí » Dlí na Fianaise Law » Law of Evidence

    #343718

    fianaise bain4
    ga
    gu fianaise, ai fianaisí

    ábhar ar bith a úsáidtear chun críoch cruthúnais in imeacht dlí

    Tar éis an tréimhse deich lá sin a bheith caite féadfaidh ceachtar páirtí iarratas a dhéanamh chun na Cúirte, le foriarratas iar bhfógra, ar ordacháin i dtaobh aon fhianaise breise nó aon fhianaise eile.

    After the expiration of the said period of ten days either party may apply to the Court by motion on notice for directions as to any further or other evidence.

    • Dlí » Dlí na Fianaise Law » Law of Evidence

    #343344

    I gcás inar mian le haon pháirtí fianaise nua a thabhairt ar aird nuair a bheidh achomharc á éisteacht in aon chaingean nó ábhar nach mbeifear tar éis aon fhianaise béil a thabhairt tráth a héisteachta nó a éisteachta, nó chun í nó é a chinneadh, seirbheálfaidh agus taiscfidh sé mionnscríbhinn ina leagfar amach cineál na fianaise, maille leis na fáthanna nach mbeifear tar éis í a chur faoi bhráid na Cúirte Cuarda.

    Where any party desires to submit fresh evidence upon the hearing of an appeal in any action or matter at the hearing or for the determination of which no oral evidence was given, he shall serve and lodge an affidavit setting out the nature of the evidence and the reasons why it was not submitted to the Circuit Court.

    • Dlí » Dlí na Fianaise Law » Law of Evidence

    #343327

    Más rud é nach bhféadfar aon fhianaise shásúil a thabhairt ar aird i dtaobh thráth déanta an scriosta amach agus an díobhaidh sin, agus nach mbeidh na focail a bheidh scriosta amach nó díofa glanta amach ar fad, ach go bhféadfar, ar an bpáipéar a iniúchadh, iad a fhionnadh, ní foláir iad a bheith ina gcuid den phrobháid.

    If no satisfactory evidence can be adduced as to the time when such erasures and obliterations were made, and the words erased or obliterated be not entirely effaced, but can upon inspection of the paper be ascertained, they must form part of the probate.