Gaois

Téarmaí cosúla:

Bailiúchán téarmaí dlí a baineadh as Rialacha na nUaschúirteanna. Breis eolais »

3 thoradh

    • Dlí » Dlí, Ábhair Ghinearálta Law » Law, General Matters

    #343766

    breithiúnas fir1
    ga
    gu breithiúnais, ai breithiúnais, gi breithiúnas

    Déanfaidh oifigeach cuí na Cúirte ina mbeifear tar éis an breithiúnas nó an t-ordú a fhógairt nó a dhéanamh dáta a thabhartha agus a chomhlánaithe a fhormhuiniú ar an mbreithiúnas nó ar an ordú.

    The date of passing and perfecting shall be indorsed on the judgment or order by the proper officer of the Court in which the judgment or order was pronounced or made.

    • Dlí » Dlí Maoine Law » Property Law

    #343481

    ...agus, maidir le costais an chreidiúnaí breithiúnais, mura n-ordófar a mhalairt, déanfar iad a choinneáil as an airgead a bheidh gnóthaithe aige faoin ordú gairnisí, agus sin i dtosaíocht ar mhéid an fhéich bhreithiúnais.

    ...and as regards the costs of the judgment creditor, shall, unless otherwise directed, be retained out of the money recovered by him under the garnishee order, and in priority to the amount of the judgment debt.

    • Dlí » Gnás agus Nós Imeachta Law » Practice and Procedure

    #343585

    Má sheirbheáiltear ordú á ordú go ndéanfar fiacha a bheidh dlite nó ag fabhrú d’fhéichiúnaí breithiúnais a astú, nó fógra ina thaobh sin, ar an ngairnisí, i cibé slí a ordóidh an Chúirt, cuirfidh sin ceangal ar na fiacha sin ina lámha.

    Service of an order that debts due or accruing to a judgment debtor shall be attached, or of notice thereof, on the garnishee, in such manner as the Court shall direct, shall bind such debts in his hands.