Gaois

Téarmaí cosúla:

Bailiúchán téarmaí dlí a baineadh as Rialacha na nUaschúirteanna. Breis eolais »

5 thoradh

    • Dlí » Dlí Tráchtála Law » Commercial Law

    #343498

    íocaíocht bain3
    ga
    gu íocaíochta, iol íocaíochtaí

    Beidh de chead ag an nglacadóir, gan aon ordachán, gach gnáth-eisíocaíocht a íoc, ar nós ceannchíosa, cíosmhuirir dheachún, rátaí, cánacha agus muirear a bheidh dlite le haghaidh oibreacha poiblí nó siltin; is faoi ordachán na Cúirte amháin a dhéanfar gach íocaíocht eile.

    The receiver shall be at liberty, without any direction, to pay all ordinary outgoings, such as head-rent, tithe-rent-charge, rates, taxes, and charges due for public works or drainage; all other payments shall be made only under the direction of the Court.

    • Dlí » Dlí Sibhialta Law » Civil Law

    #343567

    neamhíoc fir3
    ga
    gu neamhíoca, iol neamhíocaí

    In aon chaingean a thionscnófar chun talamh a aisghabháil mar gheall ar neamhíoc cíosa nó ar rósheilbh, ní gá an toghairm a sheirbheáil ar aon duine ach amháin an duine nó na daoine a bheidh iarbhír i seilbh na talún nó aon choda di, mar thionónta nó mar fhothionónta.

    In an action brought for recovery of land for non-payment of rent or for overholding, it shall not be necessary to serve the summons upon any person other than the person or persons in the actual possession of the land or any part thereof, as tenant or under-tenant.

    • Dlí » Dlí Maoine Law » Property Law
    • Dlí » Dlí Tráchtála Law » Commercial Law

    #343501

    Beidh i ngach breithiúnas nó ordú, cibé slí a bhfaighfear é, chun talamh a aisghabháil mar gheall ar neamhíoc cíosa ráiteas i dtaobh na suimeanna is iníoctha i leith cíosa agus costas fuascailte.

    Every judgment or order, however obtained, for the recovery of land for non-payment of rent shall contain a statement of the amounts payable in respect of rent and costs for redemption.

    • Dlí » Dlí, Ábhair Ghinearálta Law » Law, General Matters

    #343562

    ...ciallaíonn an abairt “íocaíocht bhliantúil” aon íocaíocht bhliantúil nó tréimhsiúil atá de mhuirear nó atá iníoctha ar aon talamh...

    ...the expression "annual payment" means any annual or periodical payment charged on or payable out of land...

    • Dlí » Dlí Tráchtála Law » Commercial Law

    #343496

    An creidiúnaí i leith tuarastail nó pá a chruthóidh sin agus a vótálfaidh caillfidh sé a cheart chun íocaíochta tosaíochta.

    A creditor in respect of salary or wages who proves and votes loses his claim to a preferential payment.