Gaois

Similar terms:

A collection of legal terms extracted from the Rules of the Superior Courts. More information »

7 results

    • Dlí » Dlí, Ábhair Ghinearálta Law » Law, General Matters

    #343744

    sárú fir
    ga
    gu sáraithe, iol sáruithe

    briseadh dlí, rialach, dualgais etc.

    I gcaingean mar gheall ar shárú paitinne déanfaidh an gearánaí sonraí i dtaobh na sáruithe ar a mbeifear ag seasamh a sheachadadh i dteannta a éilimh.

    In an action for infringement of a patent the plaintiff shall deliver with his statement of claim particulars of the breaches relied upon.

    • Dlí » Dlí Tráchtála Law » Commercial Law

    #343422

    Is é éileamh an ghearánaí éileamh ar dhamáistí i leith sárú conartha chun an gearánaí a fhostú mar [de réir mar a bheidh].

    The plaintiff's claim is for damages for breach of contract to employ the plaintiff as [as the case may be].

    • Dlí » Dlí Maoine Law » Property Law
    • Dlí » Dlí Cuideachtaí Law » Company Law

    #343464

    Is é éileamh an ghearánaí éileamh ar dhamáistí i leith sáruithe cúnant i léas feirme.

    The plaintiff's claim is for damages for breaches of covenants contained in a lease of a farm.

    • Dlí » Dlí Sibhialta Law » Civil Law
    • Dlí » Dlí Tráchtála Law » Commercial Law

    #343437

    Is é éileamh an ghearánaí éileamh ar dhamáistí i leith sárú dualgais mar ghníomhaire [nó etc.] don ghearánaí [agus ar £ i leith airgid a fuarthas mar ghníomhaire, etc.].

    The plaintiff's claim is for damages for breach of duty as agent [or, &c.] of the plaintiff [and £ for money received as agent, &c.].

    • Dlí » Dlí Maoine Law » Property Law

    #343263

    I ngach cás ina líomhnófar mífhaisnéis, calaois, sárú iontaobhais, mainneachtain thoiliúil nó tionchar míchuí agus i ngach cás eile ina bhféadfaidh sé gur gá sonraí, déanfar sonraí (maille le dátaí agus míreanna más gá) a leagan amach sna pléadálacha.

    In all cases alleging misrepresentation, fraud, breach of trust, wilful default or undue influence and in all other cases in which particulars may be necessary, particulars (with dates and items if necessary) shall be set out in the pleadings.