Gaois

Bailiúchán téarmaí dlí a baineadh as Rialacha na nUaschúirteanna. Breis eolais »

3 thoradh

    • Dlí » Dlí Cuideachtaí Law » Company Law

    #343257

    Scrúdaitheoir fir3
    ga
    gu Scrúdaitheora

    (na hArd-Chúirte)

    (of High Court)

    Socróidh an Scrúdaitheoir na coinníollacha díolacháin agus ordóidh sé na fógráin, ar fhógra a bheith tugtha do cibé daoine (más ann) a mheasfaidh sé is gá, agus féadfaidh sé cibé cuardaigh a ordú agus a cheangal go dtabharfar ar aird cibé fianaise a dhealróidh dó a bheith riachtanach.

    The Examiner shall settle the conditions of sale and direct the advertisements, upon notice to such persons (if any) as he shall deem necessary, and may direct such searches and require the production of such evidence as shall appear to him requisite.

    • Dlí » Dlí na Fianaise Law » Law of Evidence
    • Dlí » Gnás agus Nós Imeachta Law » Practice and Procedure

    #343820

    scrúdaitheoir fir3
    ga
    gu scrúdaitheora, iol scrúdaitheoirí

    oifigeach a bhfuil sé de dhualgas air teistíochtaí finnéithe a thógáil nuair a ordóidh an chúirt sin a dhéanamh

    I gcás ina n-ordóidh an Chúirt aon fhinné a cheistiú i slí seachas os comhair na Cúirte, sonrófar san ordú sin an duine a bheidh ceaptha mar scrúdaitheoir chun an ceistiú sin a chur, agus áit a churtha, agus an finné nó na finnéithe a bheidh le ceistiú.

    Where the Court orders the examination of any witness to be conducted otherwise than before the Court, such order shall specify the person appointed as examiner to take, and the place of taking, such examination, and the witness or witnesses to be examined.

    • Dlí » Dlí, Ábhair Ghinearálta Law » Law, General Matters

    #343717

    Déanfar gach liosta den sórt sin, maille le cóip fhianaithe den mhionnscríbhinn sin, a fhágáil in Oifig an Scrúdaitheora tráth nach déanaí ná trí lá tar éis an mhionnscríbhinn a chomhdú.

    Every such list and an attested copy of such affidavit shall be left at the Examiner's Office not later than three days after the filing of the affidavit.

    Gach eireadóir den sórt sin a bhfuil aon urrús aige, ceanglaítear air an t-urrús sin a thabhairt ar aird in Oifig an Scrúdaitheora an lá de 19 , ar a haon déag a chlog roimh nóin, is é sin, an t-am atá ceaptha chun na héilimh a bhreithniú.

    Every such incumbrancer holding any security is required to produce the same at the Examiners' Office on the day of 19 , at eleven o'clock in the forenoon, being the time appointed for adjudicating on the claims.