Gaois

Bailiúchán de théarmaí ilghnéitheacha, ó Ionstraimí Reachtúla, ag eascairt as tionscadal LEX. Breis eolais »

4 thoradh

    • Gnó › Airgeadas Business › Finance

    #7401

    muirearaigh br
    ga
    abr muirearú, aidbhr muirearaithe
    gearr br
    ga
    abr gearradh, aidbhr gearrtha
    éiligh br
    ga
    abr éileamh, aidbhr éilithe

    (of price or fee / debit)

    Ní bhainfear amach aon táille as aon eitilt dá sonraítear i Rialachán 6 a rachaidh isteach san aerspás iomchuí má dhlitear táille a chur ar an oibritheoir i leith na heitilte sin (is é sin, táille ar cóimhéid leis an táille a bheadh le baint amach i leith na heitilte sin de bhua Rialachán 6 murach an mhír seo) de bhun dlí an chéad Stáit (is é sin, ballstát, seachas Éire, nó stát conarthach) ar eitlíodh os a chionn le linn na heitilte sin.

    No charge shall be made in respect of such a flight as is specified in Regulation 6 which enters the relevant airspace if the operator is liable to a charge in respect of that flight (being a charge of an amount equivalent to the charge in respect thereof which but for this paragraph would have been imposed by virtue of Regulation 6) pursuant to the law of the first State (being a member state, other than Ireland, or a contracting state) overflown during that flight.

    • Gnó › Cuntasaíocht Business › Accounting
    • Rialtas › Airgeadas Poiblí Government › Government Finances

    #7483

    muirear fir1
    ga
    gu muirir, ai muirir, gi muirear
    éileamh fir1
    ga
    gu éilimh, ai éilimh, gi éileamh
    táille bain4
    ga
    gu táille, iol táillí

    (price or fee)

    Féadfaidh aon pháirtí a mbeidh leas aige in achomharc cóip den scríbhinn, arna hullmhú chun críocha an achomhairc, a fháil ón gCláraitheoir Contae ar na táillí cuí a íoc.

    A party interested in an appeal may obtain from the County Registrar a copy of the transcript prepared for the purposes of the appeal on payment of the proper charges.

    • Gnó Business

    #3158

    Má éiríonn pinsinéir éagumasach chun admháil a thabhairt ar íocaíochtaí atá dlite féadfaidh an Bord dá rogha féin na híocaíochtaí sin a dhéanamh go hiomlán nó go páirteach lena bhean, ag a mbeidh tús éilimh, nó más iomchuí, leis na daoine sin is cuí leis an mBord, lena n-áirítear údaráis aon fhorais ar a bhfuil cúram an phinsinéara, agus beidh an Bord arna urscaoileadh ó gach dliteanas i leith aon suime a íocfar amhlaidh.

    If the pensioner becomes incapable of giving a receipt for payments due, the Board shall have discretion to make such payments in whole or in part to his wife who shall have prior claim or where appropriate to such persons, including the authorities of any institution having care of the pensioner, as the Board think fit, and the Board shall be discharged from all liability in respect of any sum so paid.