Ní oibreoidh aon ní sna hAchtanna Meáchan agus Tomhas, 1878 go 1961, ná in aon Ionstraim a rinneadh faoi na hAchtanna sin, chun aon toirmeasc, cosc nó srian a chur, ná chun a údarú nó a chumhachtú toirmeasc, cosc nó srian a chur le hinnill mheá-seiceála nó mheá-ghrádála, lena mbaineann an Treoir ón gComhairle, a chur ar an margadh nó a chur chun seirbhíse ná údarú nó ceadú a dhiúltú chun sin a dhéanamh más rud é go mbeidh comhartha formheasa patrúin CEE agus marc tús-fhíorúcháin CEE dá bhforáiltear i mír 3.1.1.2 d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir Uimh. 71/316/CEE ón gComhairle an 26 Iúil, 1971, ar na hinnill sin.
Nothing in the Weights and Measures Acts, 1878 to 1961, or any instrument made thereunder shall prohibit, prevent or restrict, or authorise or empower the prohibition, prevention or restriction of, or the refusal to authorise or permit, the placing on the market or entry into service of automatic checkweighing and weight grading machines to which the Council Directive applies if such machines bear the EEC pattern approval sign and the EEC initial verification mark provided for in paragraph 3.1.1.2 of Annex II to Council Directive No. 71/316/EEC of 26 July, 1971.