Gaois

Foireann Gaois

Cuid d'fhoireann Gaois, Bealtaine 2023. Ó chlé go deas: Úna Bhreathnach, Louis Cullen, Mícheál Ó Meachair, Brian Ó Raghallaigh, Daniel Burke, Gearóid Ó Cleircín, Kate Murphy, Alma Ní Bhroin, Ciarán Mac an Bhaird, Kate Ní Ghallchóir, Davis Sandefur, Jeaic Mag Fhinn, Orla Clavin, Liam D'Arcy, Abaigéal Ní Dhroma, Tara Nic Cana, Molly McKenna, Ruadhán Keogh Daly.

An Dr Ciarán Mac an Bhaird (Ceann Scoile): Tá breis agus scór bliana caite ag Ciarán Mac an Bhaird ag obair san oideachas tríú leibhéal lán-Ghaeilge. I rith an ama sin, tá sé ag cruthú, ag dearadh, ag bainistiú agus ag teagasc ar chláracha lán-Ghaeilge: an BSc in Airgeadas, Ríomhaireacht, & Fiontraíocht; an BA Gnó & Gaeilge; an BA Gaeilge agus Iriseoireacht; an MSc sa Bhainistíocht agus Gnó Digiteach, ina measc. Tá sé ina bhall den Líonra Saineolaithe Náisiúnta.

Tara Nic Cana (Riarthóir tionscadal): Tá bunchéim sa Ghaeilge agus i bhForbairt an Duine aici ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus tá M.A i Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge aici ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán ó Choláiste na hÉireann, Gaelchultúr bainte amach aici freisin.

An tOllamh Ciarán Mac Murchaidh: Is céimí de chuid Ollscoil Mhá Nuad (BA, MA, PhD, HDipEd) agus Ollscoil Phontaifiúil Mhaigh Nuad (BD, DLT) é Ciarán. Tá tréimhsí caite aige ag teagasc in Ollscoil Mhá Nuad agus i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, áit a raibh sé ina Dhéan Taighde & Léinn Dhaonna ó 2010-2013. Is Príomh-Thaighdeoir (PI) ar thionscadal Ainm é agus tá sé ina Chomh-Eagarthóir ar Studia Hibernica agus ina Eagarthóir Gaeilge ar Eighteenth-Century Ireland/Iris an dá Chultúr.

An Dr Úna Bhreathnach (Bainisteoir eagarthóireachta): Tá bunchéim san Iodáilis agus sa bhfealsúnacht ó OÉ Gaillimh aici agus iarchéim sa Staidéar Eorpach ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhain a tráchtas PhD in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, leis an dea-chleachtas sa phleanáil téarmaíochta. Príomh-Thaighdeoir (PI) ar thionscadail Dúchas agus Chorpas Náisiúnta na Gaeilge. Comhúdar ar Téarmaíocht don Aontas Eorpach. Taithí na hÉireann: Tionscadal GA IATE (Cló Iar-Chonnacht, 2013). Ball den Choiste Logainmneacha. Tá sí ina leasuachtarán ar Chumann Téarmeolaíochta na hEorpa (EAFT).

An Dr Gearóid Ó Cleircín (Bainisteoir cáilíochta): Tá bunchéim sa Nua-Ghaeilge agus san antraipeolaíocht aige ó Ollscoil Mhá Nuad chomh maith le dochtúireacht sa Nua-Ghaeilge a bhain le cúrsaí caighdeáin agus canúna. Príomh-Thaighdeoir (PI) ar dhá thionscadal taighde i réimse na téarmeolaíochta, Téarma agus LEX. I measc na spéiseanna taighde atá aige tá an téarmeolaíocht, an béaloideas agus gnéithe éagsúla de na daonnachtaí digiteacha. Ball den Choiste Téarmaíochta.

An Dr Brian Ó Raghallaigh (Bainisteoir teicneolaíochta): Tá bunchéim sa ríomhtheangeolaíocht aige agus iarchéim dochtúireachta sa teangeolaíocht (teicneolaíocht urlabhra). Is leis fuaimeanna.ie agus Fuaimeanna na Gaeilge (Cois Life). Príomh-Thaighdeoir (PI) ar thionscadail Logainm agus Decoding Hidden Heritages, agus ina bhall de choistí eagarthóireachta agus bainistíochta Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge (RIA). Spéis aige sa teicneolaíocht teanga agus i ríomhchlárú Python.

Jamie Murphy (Taighdeoir iardhochtúireachta): Tá bunchéim sa Fhraincis agus sa Ghaeilge aige ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh chomh maith le M.A. i Staidéar an Aistriúcháin ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Rinne sé a thráchtas M.A. ar theoiric an aistriúcháin i Litríocht na nÓg. Chomh maith leis sin, chaith sé seal san aonad aistriúcháin GA i bParlaimint na hEorpa i Lucsamburg. Tá spéis aige i réimse na drámaíochta, na téarmeolaíochta agus an aistriúcháin trí chéile. Tá dochtúireacht idir lámha aige faoi láthair a phléann le réimse theoiric an aistriúcháin agus drámaíocht aistrithe na Gaeilge sa 20ú agus 21ú haois.

An Dr Mícheál J. Ó Meachair (Taighdeoir iardhochtúireachta): Tá bunchéim sa Nua-Ghaeilge agus i Stair na hEalaíne, agus M.A. i Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge aige ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Fuair sé céim dochtúireachta i réimse na teangeolaíochta corpais i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Dhírigh an taighde dochtúireachta seo ar chorpas acmhainní oideachais a thiomsú (EduGA) agus ar anailís a dhéanamh ar an gcastacht teanga sa chorpas sin. Is ríomhchláraitheoir agus logánaitheoir bogearraí é, agus is comhbhunaitheoir de chuid an Ríomhacadaimh é. I measc na spéiseanna taighde atá aige tá an teangeolaíocht chorpais agus teicneolaíochtaí teanga, agus is ball de Ghrúpa Taighde NLP cuid DCU é.

An Dr Andrea Palandri (Taighdeoir iardhochtúireachta): Tá bunchéim aige ó ASNC in Ollscoil Cambridge agus is i Roinn na Gaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh a bronnadh céim dochtúireachta air sa bhliain 2018 as tráchtas a scríobh ar an aistriúchán Gaeilge ar Eachtra Mharco Polo, ón 15ú haois. Thug sé trí bliana ag obair mar Scoláire Uí Dhonnabháin (taighdeoir iardhochtúireachta) i Scoil an Léinn Cheiltigh in DIAS tar éis do a PhD a fháil. Tá suim faoi leith aige i bprós na Nua-Ghaeilge Moiche, i gcanúintí na Nua-Ghaeilge agus i mbainistiú corpas teanga.

Jeaic Mag Fhinn (Taighdeoir iardhochtúireachta): Tá bunchéim i dTeanga & Litríocht na Gaeilge agus sa Mhatamaitic aige ó Ollscoil Notre Dame agus M.A. sa Nua-Ghaeilge ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Bhain a thráchtas M.A. le scéalta gaisce a bailíodh mar chuid de Bhailiúchán na Scol agus an inscne.

Alma Ní Bhroin (Taighdeoir iardhochtúireachta): Tá B.A. (Idirnáisiúnta) sa Nua-Ghaeilge agus sa Ghearmáinis aici ó Ollscoil Mhá Nuad agus Dioplóma Iarchéime san Oideachas ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Tá sí ag cur MLitt i gcrích in Ollscoil Mhá Nuad. Is éard atá i gceist leis an taighde seo cnuasach scéalta béaloidis a bailíodh in Árainn ag tús na fichiú haoise a chur in eagar. Tá suim aici sa chanúineolaíocht, sa bhéaloideas agus sa tsochtheangeolaíocht.

Diarmaid Ó Maoileoin (Taighdeoir iardhochtúireachta): Le linn a chuid ama in Ollscoil na Gaillimhe bhain sé bunchéim amach sa Bhéarla agus sa Ghaeilge, M.A. sa Nua-Ghaeilge chomh maith leis an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas. Tá Ard-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán aige chomh maith ó Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh. Tá taithí aige a bheith ag teagasc na Gaeilge ag an tríú leibhéal chomh maith le a bheith ag obair ar thograí na cartlainne digití in TG4. Cuireann sé spéis ar leith sa dinnseanchas, in oideachas na Gaeilge agus sa bhéaloideas.

Kate Ní Ghallchóir (Cúntóir taighde): Tá bunchéim sa Ghnó agus sa Ghaeilge aici agus tá M.A. i Staidéar an Aistriúcháin ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath bainte amach aici le déanaí chomh maith.

Davis Sandefur (Cúntóir taighde): Tá bunchéim sa bhfisic aige ó Ollscoil Notre Dame, áit ar bhain sé amach mionchéim i dTeanga agus Litríocht na Gaeilge. Tá Máistreacht san Oideachas aige ó University of the Cumberlands i Meiriceá agus máistreacht eile sa Matamaitic Fheidhmeach agus sa bhFisic Theoiriciúil aige ó COBÁC. Tá diplóma sa gCultúr Dúchais aige chomh maith, ó Ollscoil na Gaillimhe.

Liam D'Arcy (Cúntóir taighde): Tá bunchéim ag Liam sa Ghaeilge agus sa Léann Scannán ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá M.A. i Scríobh agus Cumarsáid na Nua-Ghaeilge bainte amach acu san ollscoil chéanna. D’oibrigh siad mar theagascóir agus an M.A. á dhéanamh acu, agus tá siad anois ag obair le Gaois mar chúntóir taighde.

Daniel Burke (Cúntóir taighde): Tá bunchéim i nGaeilge agus Léann an Aistriúcháin aige ó Ollscoil na Gaillimhe agus chaith sé seal ag obair in Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg mar eagarthóir teanga, áit ar chuir sé an reachtaíocht agus foilseacháin ghinearálta in eagar do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh.

Kate Murphy (Cúntóir taighde): Tá céim san oideachas bunscoile bainte amach aici ó Choláiste Mhuire gan Smál, Contae Luimnigh. Mar chuid den chéim, bhain sí amach speisialachas i dteagasc agus foghlaim i suíomhanna lán-Ghaeilge. Tá spéis faoi leith aici i bhfoghlaim comhtháite ábhair agus teanga i ngaelscoileanna.

Orlaith Hickey (Mac léinn PhD): Tá taighde Orlaith bunaithe ar dhoiciméadú na mban sa bhunachar beathaisnéisí ainm.ie. Is é sprioc an taighde seo cuid de na bearnaí atá ann maidir le hionadaíocht a líonadh. Déanfar scagadh ar chúiseanna na ganniondaíochta, agus feabhsófar caighdeán faisnéise ainm.ie do thaighdeoirí amach anseo trí ábhar nua a chur leis. Foilseofar roinnt beathaisnéisí nua ar ainm.ie de dheasca an taighde seo. Tá an taighde seo á dhéanamh faoi stiúir an Dr Úna Bhreathnach agus an Dr Pádraig Uí Liatháin.

Aindí Mac Giolla Chomhghaill (Mac léinn PhD): Tá B.A. sa Nua-Ghaeilge agus sa tSean-Ghaeilge aige ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá sé ag obair sa Bhrainse Logainmneacha, Roinn na Gaeltachta, ó 2005 i leith. Baineann a chuid taighde le mionlogainmneacha de bhunadh na Gaeilge i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath.

Michal Boleslav Měchura (Comhairleoir teicniúil): Innealtóir ríomhaireachta é Michal. Tá céim mháistreachta sa ríomhtheangeolaíocht aige ó Choláiste na Tríonóide agus tréimhse caite aige mar innealtóir logánaithe bogearraí le Microsoft. Tá céim PhD sa ríomhfhoclóireacht ar bun aige faoi láthair in Ollscoil Masaryk. Tá spéis aige sa teicneolaíocht teanga agus sna daonnachtaí digiteacha.

Ronan Doherty (Comhairleoir teicniúil): Sainchomhairleoir deartha agus ríomhaireachta é Ronan. Taithí aige ag plé le gnéithe éagsúla de na daonnachtaí digiteacha, den teicneolaíocht taighde agus den fhoilsitheoireacht ilmheán. Ag obair le Gaois ó 2013 i leith. Ailtire teicniúil ar thionscadail eile i léann na Gaeilge mar COMHARTaighde agus Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge.

Foireann taifeadta fuaime (tionscadal Logainm)

  • Micheál Holmes, Co. Bhaile Átha Cliath
  • Liam Mac Con Iomaire, Co. na Gaillimhe
  • Fiachra Mac Gabhann, Co. Lú
  • Seosamh Mac Muirí, Co. Liatroma
  • Póilín Ní Chiaráin, Co. Mhaigh Eo
  • Neasa Ní Chinnéide, Co. Chiarraí
  • Mathúin Ó Caoimh, Co. Thiobraid Árann
  • Pádraig Ó Cearbhaill, Co. Luimnigh
  • Joe Ó Domhnaill, Co. Dhún na nGall
  • Áine Uí Fhoghlú, Co. Phort Láirge
  • Micheál Ó Diarmada, Co. Chill Chainnigh
  • Pádraic Mac Craith, Co. na Mí
  • Éamon de Buitléar, Co. Chill Mhantáin
  • Áine Uí Chuill, Co. Chorcaí
  • Caoimhín Ó Muirigh, Co. Ros Comáin
  • An Canónach Séamas de Vál, Co. Loch Garman
  • PJ Mac Gabhann, Co. Mhuineacháin
  • Úna Uí Rócháin, Co. an Chláir
  • Mícheál Ó Mainnín, Co. Shligigh
  • Cynthia Ní Mhurchú, Co. Cheatharlach
  • Liam Ó Maidín, Co. an Longfoirt
  • Aengus Finnegan, Co. na hIarmhí
  • Fidelma Ní Ghallchobhair, Co. Chill Dara
  • Adrian Ó Brádaigh, Co. Uíbh Fhailí
  • Caoimhín Ó Néill, Co. Laoise
  • Rióna Ní Fhrighil, Co. an Chabháin
  • Tomás Ó Máille, Co. Mhaigh Eo (logainmneacha Dhúiche Sheoigheach)
  • Robbie Hannan, Co. an Dúin
  • Pat McKay, Co. Aontroma
  • Pádraigín Ní Uallacháin, Co. Ard Mhacha

Comhairleoirí Acmhainní Oideachais (tionscadal Logainm)

  • Clíodhna Ní Bhriain (bunleibhéal)
  • Fiachra Mac Gabhann (tríú leibhéal)

Sa bhreis orthu sin thuas, rinne na daoine seo a leanas obair ar na tionscadail éagsúla ó 2005 i leith: Fionn Ó hEithir, Tomás Ó Maolalaidh, Brenda Nic Giolla Mhichíl, Éadaoin Nic an Phríora, Clíona Ní Lachtáin, Sinéad Ní Chrualaoi, Sandra Ní Mhaoláin, Daithí Mac Lochlainn, Máirtín Mac Aodh, Louise Smith, Ania Paluch, Donla uí Bhraonáin, Adrian Ó Brádaigh, Caitríona Ní Mháille, Cáit Nic Fhionnlaoich, Michelle Ryan, Oisín Ó Doinn, Ciara Ní Riain, Micheál Ó Maolrúnaigh, Eibhlín Nic Gearailt, Máirín Nic Giolla Chumhaill, Cara Spillane, Ciarán Mac Raghnaill, Ruth Ní Shiadhail, Colm Ó Ciardubháin, Eileen Lynch, Róisín Mulford, Maura Ní Lionscaigh, Rory O'Connor, Fiona Nic Fhinn, Aoileann Ní Riain, Éadaoin Ní Chróinín, Ciara Ní Chuilinn, Doireann McCombe, Stiofán Mac Conmara, Sorcha Ní Mhurchú, Ciara Ní Dhrisceoil, Edel Ní Mhuirthile, Caoimhín Mac Giolla Easpaig, Ian Malcolm, Rúadhán Ó Deasmhúnaigh, Gearóidín Nic Fhiobhuí, Audrey Ní Loingsigh, Pól de Barra, Amanda Ní Dhufaigh, Ciara Ní Bhroin, John Prendergast, Piaras Ó Droighneáin, Séamas Ó Fearghail, Julie O'Farrell, Emma Ní Fhaoláin, PJ Mac Gabhann, Antoine Ó Griallais, Ursula Mhic Cárthaigh, Ailbe O'Reilly, Colm Brussels, Frances Mulraney, Orlaith Nic Ghearailt, Natasha Mc Aleese, Caitríona Nic Bhloscaidh, Antóin Ó Ríagáin, Aengus Finnegan, Jill Mc Mahon, Derek O'Brien, Stephen Joyce, Sarah Walsh, Feena Tóibín, Éanna Motherway, Ashling Harteveld, Máire Áine Ní Shúilleabháin, Therese Collins, Moya Gorman, Emma Nic Thomáis, Amy Ní Cholgáin, Declan Quinn, Gearóid Ó Conchubhair, Deirdre Devlin, Fionnuala de Barra-Cusack, Margaret Quinn, Katie Ní Riain, Marion O'Connell, Siobhán O'Donnell, Luke Carroll, Mairéad Willis, Fearghal Ó Raifeartaigh, Justin Ó Gliasáin, Oisín Montanari, Kerron Ó Luain, Hannah Ní Chonghaile, Tomás Ó Murchú, Hugh Rowland, Sarah Eaton, Cillian Hanaphy, Katie Ní Loingsigh, Sorcha Ní Chnoic, Michelle Dunne, Sophie Osborne, Harriet Ní Chinnéide, Katie Nic Craith, Shane Wagy, Nils Pappers, Póilín Nic Géidigh, Tara Nic Cána, Conchúr Ó Sé, Katie Ní Fhaoláin, Daniel McWilliams, Fiona Faherty, Darragh Ó Caoimh, Muireann Ní Mhurchú, Shauna Conway, Conchúr Mag Eacháin, Seán Ó Nualláin, Oisín Goodman, Brian Ó Gallachóir, Cathal Burke, Fionnuala Cloke, Emma McGee, Róisín Byrne, Clare Coughlan, Mairéad Nic Lochlainn, Jack Ó hUiginn, Brian Ó Cearbhaill, Justin Ó Gliasáin, Michelle Dunne, Abaigéal Drummy agus Ruadhán Keogh Daly.

Ba í an Dr Caoilfhionn Nic Pháidín Stiúrthóir na dTionscadal idir 2004 agus Deireadh Fómhair 2015.