Gaois

Eolas cosanta sonraí

Baineann an t-eolas seo leis an suíomh gréasáin poiblí gaois.ie.

Cé na sonraí úsáide a bhailímid?

Bailímid sonraí úsáide áirithe le cabhair seirbhísí mar Plausible. Úsáidimid Plausible chun eolas a thaifeadadh mar gheall ar cad as a dtagann ár gcuid úsáideoirí agus cad a dhéanann siad agus iad ar an suíomh. Bailíonn agus stórálann Plausible sonraí teicniúla faoin mbrabhsálaí agus faoin ríomhaire a úsáidtear chun cuairt a thabhairt ar an suíomh. Úsáidtear fianán chun eolas a stóráil faoi rogha teanga an úsáideora. Ní bhíonn an fianán nasctha le sonraí pearsanta ar bith.

Conas a úsáidimid na sonraí úsáide seo?

Usáidimid na sonraí bailithe ag Plausible chun tuairiscí comhiomlánaithe a chruthú ar líon, suíomh agus gníomhaíocht ár n-úsáideoirí. Cuireann na tuairiscí seo bonn eolais faoinár bpleananna forbartha don todhchaí. Ní sonraí pearsanta na sonraí seo, de réir shainmhíniú GDPR an AE, agus ní chuireann na sonraí seo ar ár gcumas úsáideoirí aonair a shainaithint.

Coimeádaimid an ceart againn féin méadracht úsáide chomhiomlánaithe a thuairisciú agus/nó a fhoilsiú.

Cá fhad a stórálaimid na sonraí úsáide seo?

Ós rud é go bhfuil na sonraí seo anaithnidithe, stórálaimid go deo iad. Ligeann sé sin dúinn forbairt ár mbonn úsáideoirí thar shaolré an tionscadail a rianú.

Ár nuachtlitir

Is féidir le húsáideoirí a chláraíonn dár nuachtlitir sheachtainiúil díchlárú ag am ar bith trí chliceáil ar ‘Díchláraigh’ ag bun na nuachtlitreach. Ní úsáidfimid an seoladh ríomhphoist a chuireann tú ar fáil anseo ar chúis ar bith eile agus ní roinnfimid é le 3ú páirtí ar bith.

Sástacht úsáideoirí

Ó am go chéile, tugaimid cuireadh d'úsáideoirí ar bhonn randamach ceistneoir gairid a líonadh isteach a léiríonn cé chomh sásta agus atá siad leis an tseirbhís atá á cur ar fáil ar an suíomh seo. Mar chuid dár suirbhéanna sástachta stórálaimid na sonraí seo a leanas:

  1. Na freagraí a thug tú ar na ceisteanna sa suirbhé;

  2. Cathain a d'fhreagair tú an suirbhé nó cathain a thug tú le fios nár theastaigh uait an suirbhé a fhreagairt;

  3. Seoladh gréasáin (URL) an leathanaigh ar a raibh tú nuair a d'fhreagair tú an suirbhé nó nuair a thug tú le fios nár theastaigh uait an suirbhé a fhreagairt;

  4. Seoladh IP do ghléis.

Úsáidimid 1-3 chun tuiscint a fháil ar shástacht ghinearálta úsáideoirí agus buanna nó laigí sa tseirbhís a chuirimid ar fáil a aithint. Teastaíonn 4 (i.e. ‘Seoladh IP do ghléis’) chun a dheimhniú go bhfuil an cuardach á dhéanamh ag duine seachas ag ríomhchlár ar nós scríobaire gréasáin. Ní iarraimid agus ní stórálaimid d'ainm ná aon sonraí pearsanta eile mar thoradh ar na suirbhéanna sástachta seo.

Coimeádaimid an ceart againn féin torthaí comhiomlánaithe suirbhéanna sástachta úsáideoirí a thuairisciú agus/nó a fhoilsiú.

Toiliú

Nuair a théann tú isteach inár suíomh gréasáin toilíonn tú seasamh le gach polasaí agus cleachtas atá leagtha amach ar an leathanach seo.

Teagmháil

Má tá aon cheist agat maidir leis an bpolasaí seo is féidir dul i dteagmháil linn ag gaois@dcu.ie.