Léim go dtí an príomhábhar
BLAG THIONSCADAIL FIONTAR & SCOIL NA GAEILGE

Seanchas faoi logainmneacha i mBailiúchán na Scol

Dúchas.ie, Logainm.ie, Logainmneacha, Béaloideas, Seanchas, Stair

Tá an-chuid logainmneacha spéisiúla ar fáil in Éirinn agus is minic a bhíonn dlúthnasc idir logainmneacha agus scéalta béaloidis i gceantair éagsúla. Caithfimid súil anseo ar roinnt logainmneacha spéisiúla agus déanfaimid cur síos ar chuid de na scéalta seanchais a bhaineann leo.

Ní i bhfad ó Dhún Másc atá Achadh na hAidhle agus tá scéalta agus seanchas ar leith ag baint leis an gcaisleán cáiliúil seo. Dar leis an gcuntas seo, téann stair an chaisleáin siar go dtí ré Chonaill Chearnaigh féin.

Deirtear linn go raibh muinntear ó Mhórdha síolruighthe ó Conall Cearnach agus gur bhain sé amach Caisleán Dún-an-ais le cabhair ‘Ridirí na Craobha Ruadh’ timcheall Ré na Críostaidheachta.

Tá go leor scéalta ar fáil i mBailiúchán na Scol faoin gcaisleán cáiliúil seo agus an seilbh a bhí ag na Lochlannaigh, na Normannaigh agus Cromail air. Faightear blaiseadh de na scéalta a bhaineann le Dún Másc sa bhlagmhír seo chomh maith. Dar leis an scéal seo, rinneadh iarracht an caisleán a mhaisiú ach measadh ‘gur doirteadh an-iomad fola sa seantógáil úd’ agus ní raibh sé ceaptha ag Dia go mbeadh sé seasmhach arís.

Nuair a rinne Cromail ionsaí ar mhainistir i Mainistir Ó dTorna fadó, maraíodh na manaigh go léir seachas aon mhanach amháin. Nuair a chonaic an manach seo go raibh na saighdiúirí ag teacht, léim sé i lochán uisce agus chuaigh sé i riocht bric agus shnámh sé síos an abhainn. Is ar an gcaoi seo a bhfuair an abhainn an t-ainm An Bhruic. Chomh maith leis sin, faightear léargas sa scéal seo ar Chath Chnoc an Áir ag eachtraí ar na Fianna sa cheantar céanna. Is féidir a thuilleadh a léamh maidir le fothracha caisleán eile sa scéal seo, mar shampla, Caisleán an Rois i gCill Airne.

Caisleán an Rois

Tá go leor staire ag baint leis an gceantar seo. Faigh amach faoi Chath Bhéal Átha hÓ idir Earl Gray agus O’Neill a bhris amach sa bhliain 1557 ar bhruach Loch Bhéal Átha hÓ sa scéal rúndiamhrachta seo. Thángthas ar chlaíomh sa loch seo chomh maith agus tá sé le feiceáil in iarsmalann i mBaile Átha Cliath sa lá atá inniu ann. Cumadh amhrán faoi Loch Bhéal Átha hÓ agus seo véarsa amháin den amhrán.

Is féidir teacht ar na véarsaí eile den amhrán ag an nasc seo. Tá tuilleadh seanchais faoi logainmneacha Chontae Mhuineacháin le fáil i roinnt scéalta eile. Mar shampla, déantar cur síos ar liosanna agus ar shióga i Losaid i scéal amháin mar aon leis an mbunbhrí a bhaineann le Cnoc na Croiche i gCarraig Mhachaire Rois. Tá cur síos cuimsitheach ar Chaisleán Machaire na Cloiche le fáil sa scéal seo agus is féidir léargas a fháil sa scéal seo ar na scéalta seanchais a bhaineann le reiligí áirithe sa chontae.

Faightear scéal suimiúil faoi bhunús agus chúlra na Daoile sa scéal seo i mBailiúchán na Scol. Dar leis an scéal, bhí rí ann fadó agus bhí triúr mac aige. Maidin amháin, d’éirigh an mac is sine go moch agus nuair a chuaigh sé amach chonaic sé rud aisteach. Giorria a bhí ann agus é ag crú na mbó! Nuair a chonaic an giorria é, lasc sé leis faoi luas… Faigh amach deireadh an scéil sa chuntas seo. Tá cur síos eile ar An Daoil agus cur síos ar sheanbhealach na habhann sa scéal seo. Tá a thuilleadh seanchais le léamh faoi logainmneacha i gContae Mhaigh Eo, go háirithe, Cill Dair Í, sa scéal seo agus faoi ainmneacha na gcnoc agus na bpáirceanna sa cheantar máguaird sa scéal seo.

An Daoil

Lógó gaois.ie
gaois.ie