Téarmaíocht Ghaeilge i Réimse na hImirce
Ó thús 2008, tá Fiontar agus Scoil na Gaeilge ag soláthar téarmaí Gaeilge do bhunachar ilteangach téarmaí an Aontais Eorpaigh, iate.europa.eu. Tá fáil in IATE ar théarmaí atá sainiúil don AE, chomh maith le téarmaí ón uile chineál réimse, amhail dlí, talmhaíocht, teicneolaíocht an eolais agus go leor eile. Is féidir teacht ar na hiontrálacha IATE a bhfuil ábhar Gaeilge iontu sa bhunachar téarmaíochta ar Gaois.ie chomh maith. Pléitear cuid de na téarmaí tráthúla a bhaineann le réimse na himirce sa bhlagmhír seo.
Ábhar atá i mbéal an phobail le tamaillín anuas is ea cúrsaí imirce agus gluaiseacht na dteifeach fud fad na cruinne. Cosúil le réimse ar bith eile ina mbíonn reachtaíocht á dréachtú, ní mór téarmaí a sholáthar i ngach teanga oifigiúil de chuid an AE i gcás coincheap nua a thagann chun cinn i réimse na himirce. Tugtar spléachadh anseo ar chuid de na téarmaí nua a tháinig chun cinn le déanaí.
- duine easáitithe/displaced person: duine arbh éigean dó a bhaile a fhágáil agus tearmann a lorg i dtír eile mar thoradh ar chogaíocht, ar choinbhleacht nó ar thubaiste nádúrtha.
inimirce roghnaíoch/targeted immigration: próiseas ina roghnaítear neamhnáisiúnaigh áirithe le ligean isteach i dtír aíochta bunaithe ar chritéir faoi leith, mar shampla, easpa lucht saothair oilte i réimse áirithe.
imirce ghlan/balance of migration: an difear idir inimirce agus eisimirce ó limistéar ar leith le linn tréimhse ar leith.
- dídeanaí aitheanta/Convention refugee: duine a aithnítear mar dhídeanaí faoi na critéir a leagtar síos in Airteagal 1A de Choinbhinsiún na Ginéive 1951.
Níl anseo ach dornán samplaí de théarmaíocht Ghaeilge i réimse na himirce. Tá an líon téarmaí Gaeilge sa réimse seo agus i mórán réimsí teicniúla eile ag méadú i gcónaí de bharr stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach.