Gaois

Corpas.ie: Treoir tras-scríbhneoireachta

Blog post is available in Irish only

Cé dó an treoir seo?

Leagtar amach moltaí sa doiciméad seo don té atá ag tabhairt faoi thras-scríobh ar ábhar urlabhra e.g. clár raidió, agallamh. Forbraíodh an teoir seo in éineacht le mic léinn an mhodúil Taighde Corpais (FN568) agus le taighdeoirí ghrúpa taighde Gaois. Bhí turgnaimh taighde éagsúla ar bun ag na mic léinn (réimsí an oideachais agus na teangeolaíochta) agus bhí na taighdeoirí ag obair ar an tionscadal Corpas Náisiúnta na Gaeilge. Is ábhar Gaeilge a bhí sna téacsanna sin, agus bhí corr-acrainm agus focal iasachta iontu freisin. Cuireadh míreanna éagsúla leis an treoir seo agus fios againn go mbeimid ag déanamh anailís theangeolaíoch ar an ábhar tras-scríofa. Mura mbeidh bunús teangeolaíoch le do chuidse anailíse, moltar machnamh a dhéanamh ar na moltaí thíos agus iad a athrú de réir mar a d’oirfeadh do d’anailís féin.

Pleanáil ama

Tá na meastacháin ama seo ag brath ar thaithí an tras-scríbhneora, ar chaighdeán an taifid, ar an gcaint a dhéanann na daoine sa taifead (ó thaobh réime agus stíle de), agus ar na bogearraí atá ar fáil don tras-scríbhneoir.

  • Duine amháin ag caint sa taifead: 30 nóiméad sa gcomhad fuaime > ~60 nóiméad ag tras-scríobh.
  • Beirt ag caint sa taifead: 30 nóiméad sa gcomhad fuaime > 75-90 nóiméad ag tras-scríobh.
  • Níos mó ná beirt ag caint sa taifead: 30 nóiméad sa gcomhad fuaime > 90-110 nóiméad ag tras-scríobh.

Moltar gan lámh a leagan ar an lúchóg, oiread agus is féidir, leis na hamanna seo a bhaint amach. Úsáid an cnaipe spáis leis an bhfíseán a stad agus a thosnú, úsáid Alt+Tab le bogadh ó fhuinneog amháin go fuinneog eile, nó bíodh an scáileán leagtha amach ar bhealach ciallmhar agat sa chaoi go bhfeicfear an bogearra ilmhheáin agus an próiseálaí focal, dála VLC agus Notepad++. Tá roinnt bogearraí ar fáil a sheinneann an taifead agus a ndéantar an tras-scríobh ann freisin, dála oTranscribe. Tá bogearraí tagtha ar an bhfód le bliain nó dhó anuas a úsáideann giolla AI le téacs a dhéanamh as taifid urlabhra (dála Whisper, Gemini agus neart eile) ach ní fheictear dom go bhfuil an t-aschur Gaeilge maith go leor go fóill.

Moltar freisin beagán taighde a dhéanamh ar na hainmneacha dílse nó na téarmaí teicniúla a úsáidtear sa taifead sula dtosnaítear ar an tras-scríobh. Fágfaidh sé seo go dtuigfear conas iad a litriú go cruinn.

Nodaireacht tras-scríofa

Bailíodh formhór na nodaireachta seo mar ghnás tras-scríbhneoireachta. Is é sin le rá go n-úsáidtear go forleathan iad. Cuireadh samplaí Gaeilge leo, rinneadh tástáil orthu agus cuireadh an nodaireacht in oiriúint don Ghaeilge nuair ba ghá.

Leagtar cur síos agus/nó míniú amach sa tábla thíos, agus leagtar an nodaireacht agus samplaí lena n-ais. Cuireadh cló trom ar an nodaireacht atá le cur leis an téacs tras-scíofa, cé nach gá an cló trom sin a chur sa téacs.

Uimh Cur Síos Moladh
1

Gné chumarsáideach

Sampla

(gáire)
(casacht)
(osna)
(sos)


2

Cuid lochtach d’fhocal, áit nach bhfoghraítear na litreacha go cruinn soiléir. Nó áit a raibh seift phragmatach á cur i bhfeidhm ag duine, msh: toisc go raibh an cainteoir ar tí rud éigin a rá agus d’éiríodar as le deis a thabhairt don duine eile abairt a chríochnú.

__ (dhá fhoscór)

Sampla

Cainteoir 1:
“Déarfainn go mbeidh tú ag __ionglóidí fé san anocht!”
Tabhair faoi deara nár scríobhadh “brionglóidí” ná “brionglóideach” isteach.

Cainteoir 1:
“Cad atá cearr le do ríomhaire?”
Cainteoir 2:
“Ugh, nílim cinnte, tá na giúirl__, an scáil__, sea, agus an ríomh__ (sos) rud sin, agus gach sórt ruda ag teip air!”

3

Focal dothuigthe amháin

Cúpla focal dothuigthe


Sampla

‘_____’

‘_____+’


4

Beirt ag caint san aon am amháin

Is féidir an nodaireacht seo a úsáid agus tost suntasach sa taifead freisin, fiú amháin más an t-aon duine amháin atá ag labhairt. Uaireanta déanfar gníomh, comharthaíocht, nó gaitsíocht sa tost agus uaireanta eile ní bheidh ann ach tost suntasach (+3 shoicind)

.... (ceithre lán stad)

Sampla

Cainteoir 1:
“An rachaidh tú go dtí an siopa….”
Cainteoir 2:
“….Ní féidir liom tú a chloisteáil. Fan soicind.”

Cainteoir 1:
“....le brocailí a cheannach don dinnéar.”

5

Nóta fágtha ag an tras-scríbhneoir

Sampla

[fág an nóta idir na lúibíní cearnacha seo]

6

Intriachtaí.

Níl gnás ná treoir ann le hintriachtaí na Gaeilge a litriú (seachas “yahoo” = “bhú-hú”) dála “Wow!” agus “Horray!” an Bhéarla.

Moltar cuimhneamh ar an gcaoi a bhfoghraítear litreacha na Gaeilge agus na hintriachtaí a scríobh gan aon lúibíní ná siombal nach n-aimseofá i ngnáthfhocal Gaeilge.

Sampla

Cainteoir 1:
“An maith leat an ceapaire sin?”
Cainteoir 2:
“Uh-huh! Tá sé álainn!”

Cainteoir 1:
“Dhíádhú! D’éirigh liom!”

7

Carachtair speisialta.

Bí cúramach leo! Is fearr an focal a dúradh sa taifead a thras-scríobh ná na siombail atá sna samplaí a úsáid.

An phríomhchúis leis seo ná an anailís theangeolaíoch a luadh ag tús na blagphostála seo. Beidh sé níos spéisiúla don teangeolaí fios a bheith aici más “and” nó “agus” a dúradh, seachas “&” a chur leis an téacs tras-scríofa agus an cinneadh sin a fhágaint faoin léitheoir.

Sampla

Ní mholtar
Cainteoir 1:
“an maith leat M&Ms?”
Inmholta
Cainteoir 1:
“an maith leat M and Ms?”

Ní mholtar
Cainteoir 1:
“Ní bheidh Olivia Rodrigo ag #1 don Nollaig!”
Inmholta
Cainteoir 1:
“Ní bheidh Olivia Rodrigo ag uimhir a haon don Nollaig!”

Ní mholtar
Cainteoir 1:
“eolas@gaois.ie”
Inmholta
Cainteoir 1:
“eolas ag gaois stad I E”

Ní mholtar
Cainteoir 1:
“2 + 2 = 4”
Inmholta
Cainteoir 1:
“dó plus a dó cothrom le ceathair”

8

Uimhreacha.
Scríobh uimhreacha amach mar fhocla sa teanga inar dúradh iad.

Sampla

Cainteoir 1:
“Cén aois atá agat anois?”
Cainteoir 2:
“Táim ninety three anois”

Cainteoir 1:
“Cén t-am a bhfeicfidh mé thú anocht?”
Cainteoir 2:
“A naoi”

Cainteoir 1:
“ar mhaith leat siúcra le do chaife?”
Cainteoir 2:
“dhá spúnóg le do thoil”

9

Lán stad agus deireadh abairte.

Tabharfaidh tú faoi deara nach labhrann daoine in abairtí iomlána i gcónaí. Uaireanta eile beidh stad ann agus duine ag annalú nó ag smaoineamh. Má leanann duine ar aghaidh le habairt tar éis stad, fada nó gearr, moltar an nodaireacht i dtreoir #4 thuas a leanúint.

Is fearr gan an iomarca poncaíochta a bhrú ar an tras-scríobh agus an phoncaíocht a úsáid le brí na habairte a thabhairt slán thar aon ní eile. Cuimhnigh nach gá go léifeadh beirt an sampla thall atá breac le poncaíocht ar an tslí chéanna.

Sampla

Moltar

Cainteoir 1:
“Tá fáilte romhaibh go clár an lae inniu.”
Cainteoir 1:
“Éadaí S O S!”

Ní mholtar

* duine ag caint agus iad dírithe ar thasc eile
“Tá. Ehm. Duine éigin. Ní cuimhin liom cén t-ainm atá air... ag an. Doras.

10

Litreacha agus litriú focla

Nuair a fhoghraítear na litreacha, le focal nó URL a rá, scríobh na litreacha sin amach.

Má fhoghraítear litir mar chuid d’ainm dílis a bhfuil litir ann, nó a bhfuil acrainm ina chuid de, is fearr an t-ainm dílis sin a scríobh amach mar a léirítear iad i mbrandáil an táirge.

Tabhair faoi deara go n-úsáidtear litreacha móra agus litreacha á bhfoghrú nó foclá á litriú, agus nach gcuirtear camóg ná aon phoncaíocht eile idir na litreacha. Cabhraíonn sé seo leis an léitheoir idirdhealú a dhéanamh idir focal a litríodh agus focla gearra na Gaeilge (msh: an aidiacht shealbhach, “a chóta” nó an mhír chéimnithe “a ghéire is….”, nó an réamhfhocal simplí “i” dar ndóigh.)

Sampla

Ní mholtar
“www.google.com”
Inmholta
“w w w ponc google ponc com”

Ní mholtar
“ex box”
Inmholta
“xbox”

Ní mholtar
“tí gee ceathar”
Inmholta
“TG4”

11

Leaganacha canúnacha, malartacha, agus neamhchaighdeánacha.

Bí dílis don chainteoir, chomh fada agus is feidir leat.

Níor ghá go mbeadh gach rud a deirtear sa bhfoclóir (msh: rangannaí, acub, Gaillí.), ach níor chóir aon litriú radacach a chur leis an tras-scríobh agus ba chóir go n-aithneofaí an focal a thras-scríobhtar.

Mura bhfuil tú cinnte faoin mbealach is fearr le leagan canúnach a thras-scríobh, b’fhearr ceist a chur ar dhuine eile nó cloí le litriú an fhoclóra sa chaoi go n-aithneofar an focal agus go mbainfear an bhrí cheart as an abairt.

Sampla

Cainteoir Ultach
Ní mholtar
Cainteoir 1:
“Beidh muid ag caint leo faoi na héadaí is deise!” Inmholta
Cainteoir 1:
“Beidh muid ag caint leofa fadúda na héadaí is deise!”

Cainteoir Connacthach
Ní mholtar
Cainteoir 1:
“Cá bhfuil na ranganna sin acu?”
Inmholta
Cainteoir 1:
“Cá bhfuil na rangannaí sin acub?”

Cainteoir Muimhneach
Ní mholtar
Cainteoir 1:
“Tá siad i gContae na Gaillimhe”
Inmholta
Cainteoir 1:
“Táid i gContae na Gaillí”

Údar: Mícheál J. Ó Meachair