Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí na Nollag
January 15, 2016
Tá Meitheal Dúchas.ie ar an bhfód anois ó mhí na Feabhra 2015 agus ag dul ó neart go neart a bhuí lenár 400 ball díograiseach. Mar is eol daoibh, pléadh roinnt tionscadal spéisiúil le linn na bliana a raibh an sluafhoinsiú mar dhlúthchuid díobh. Caithimid súil siar anseo ar na tionscadail éagsúla a luamar i gcaitheamh 2015.