ní fheadar cos leis cad a dhéanfaidh lámh leis
Figurative idiomHeadwords
Description
A bheith trína chéile; mearbhall a bheith ar dhuine.
Corpus examples
Cáit: - Fágaim le h-uadhacht, a Shíle, go bhfuil an ceart agat. Ní fheadair cos liom cad a dhéanfaidh lámh liom, agus ní fheadar féin cad a dhéanfaidh cos ná lámh liom. Dá bhfeicfeá é, a Shíle, bhéadh árd-chion agat air. Tá oiread-san ceana agam-sa air gur dóigh liom go n-íosfad é!
Usage
Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.
Additional explanation
- Ní féidir leí a hagne a dhéanamh suas, dithering, doddering.
- Ní féidir leis a aigne a dhéanamh suas.
- Tá sí trína chéile buartha, bhí mearbhall uirthi.
- Meascaithe/trína chéile.
Additional examples
Ní fheadair cos leis cad a dhéanfaidh lámh leis = Ná feadair sé cad dob fhearr dho a dhéanamh.
Ní fheadar cos liom cad a dhéin lámh liom. Ní raibh fhios agam cad a bhí dá dhéanamh agam. Bhíos tré n-a chéile.