cluas a thabhairt (do)
Figurative idiomHeadwords
Description
Éisteacht; aird a thabhairt ar dhuine.
Corpus examples
Mar is mór agus is maith an chiall gan lasadh le gaoith gach cainte, ná cluas a thabhairt do bhéal an bhladair.
Ach ní thugan sé cluas do chogar de'n tsórd san. Fanan an cogar istig i n'aigne, amhthach, agus nuair a théidhan sé anonn faghan sé amach, nuair a bhíon sé ró dhéanach aige, gur sa chogar a bhí an fhírnine, agus nách sa mhustar agus sa bhladhman, agus ins na tuairisgibh móra ar an saidhbhreas a bhí le déanamh thall i n-America, mar dh'eadh.
Cuid de sna droch Iúdaígh a bhí tar éis cúl a thabhairt le n-a gcreideamh ab eadh iad. Ach níor thug an rí aon chluas dóibh. Ach dhein sé rud eile. D'órduigh sé an t'éadach a bhí ar Iónatan a bhaint de agus éadach corcra do chur uime, éadach ríoga, agus chuir sé fhiachaint air suidhe i n'aice féin.
Additional examples
1. Cluas a thabhairt do rud, to give ear, listen, to something.
1. To give ear, lend an ear, lend one's ear, to someone, cluas a thabhairt do dhuine.