cluas a bhaint (de)
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Ráiteas áibhéile chun an fhírinne a chur in iúl.
Samplaí corpais
Déin, a Pheig, agus bain an chluas díom má bhíon gíocs ná míocs as aoinne againn.
An Múineadh. "Brisean an dúchas tré shúilibh an chait." Seachain-se, a mheic ó, agus ná pós cat i riocht mná óige, dá bhreághthacht í, nó bain an chluas díom go leagfar an bórd agus go mbrisfar na miasa lá éigin.
Samplaí breise
Bain se barra na cluaise díom-sa mara ndíolfair-se liom-sa as an méid sin fós. = A chead agat barra na cluaise a bhaint díom-sa, etc.
1. Mura fíor é bain an chluas díomsa, bain barr na cluaise díom, you may take it from me that it is true.