ní fiú biorán (gan tóin) é
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Gan mórán luacha.
Samplaí corpais
D'fheuch sé go géar orm. Cuirfir díot an méid sin, a mhic ó, ar seisean. Ní fiú biorán gan tón an méid sin. Tá galar ort, ámhthach, is measa dhuit chugat go mór 'ná é. Tá dath mí-lítheach ar t'aghaidh, dath an bháis.
Níor b'fhiú biorán an fhearg a bhí ar an ridire ag tosnughadh an chatha dhó seachas an bhuile feirge a tháinig air nuair a chonnaic se an fhuil, a chuid fola féin, agus í síos go cromán agus go h-iallait leis.
"Ag ruith ag cur aistir ar shagart gan ghádh gan riachtanas! Feuch air sin!" "Ní fiú biorán a's é," arsa 'n sagart. "Do thiocfainn féin anall ar aon chuma feuchaint an raibh aon sgéala agat ó Shadhbh nó an raibh aon bhunús leis an ráfla so ar siúbhal."
Úsáid
Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.
Crostagairtí
Samplaí breise
Ní fiú biorán agus é. Lit., a pin and it are not a value, i.e., it does not come up to the value of a pin, i.e., it is not worth a pin.
1. Ní fiú biorán é, it is worthless.
Ní fiú biorán as é. Ní fiú labhairt air. Is beag an scéal é.
It is valueless, ní fiú biorán é.
It is not worth a hang, a scrap, ní fiú biorán é