(fut fat agus) cat is dá eireaball a dhéanamh
FíornathCeannfhocail
Cur síos
Míorúiltí, gaiscí móra a dhéanamh.
Samplaí corpais
Ba dhóich leat ortha ar dtúis go mbeidhtheá tógtha leo, go ndéanfidís "fut fat agus cat a's dá eirbal," ach nuair a thagan cruadhtan na h-oibre ortha ní bhíon seasamh ná fulag ionta.
Dá mbeadh déanamh ar ndlighthe againn féin dhéanfimís fut fat agus cat a's dá eirball, chuirfimís an Ghaedhluinn dhá múine in sna sgoileanaibh.
Nuair a thosnuigh an obair ar dtúis, naoi nú deich dhe bhlianaibh ó shin, is cuimhin leat an mustar a dheinidís 'ghá mhaoidheamh, dá mbeadh na leabhair acu, go ndéanfidís "fut fat agus cat a's dá eirbal."
Crostagairtí
Samplaí breise
Déanfadh sé cat a's dá eirball le na theangain = ba dhóigh leat ar a' gcainnt a bhíonn ar siúbhail aige go ndéanfadh sé míorbhúiltí coingibh teanga 'sibhialtha id'cheann, sin é dhéanfair, nó b'fhéidir go ndíolfá as mara ndéanfá.
Bhí sé chun cat a's dá eirball a dhéanamh. Ba dhóigh leat air ar a gcuma go raibh sé ag cainnt go ndéanfadh sé cat a's da eirball = Go ndéanfadh sé gaisge éigin mór – go ndéanfadh sé rud ná féadfadh aoinne eile a dhéanamh.
Déanfadh sé cat is dá earball, he would work wonders (lit. make a cat with two tails).
Dhéanfadh sé 'na huirc agus 'na hairc é ar a bhéal. Do réir a chuid cainnte ba dhóigh leat go ndéanfad sé gach uile rud, bog agus cruaidh. Dhéanfad sé cat agus dhá earball air ar a bhéal. Dhéanfadh sé so súd.
Feartach, duine éachtach; duine a dhéanfadh cat agus dhá eireaball.