(rud) a thabharfadh dealg spionnáin amach
FíornathCeannfhocail
Cur síos
Tréith nó fírinne atá so-aimsithe, éasca teacht uirthi.
Samplaí corpais
Tá, gan amhras, raint de'n aigne sin beó fós agus croicean na caorach uirthi, agus an croicean ana thanaidhe. Thabharfadh dealg spionnáin amach an droch bhraon atá istigh.
Míniú breise
- Daoine le droch aigne ach í fé cheilt.
- Comhartha is ea dealg spionnáin. Ní thógann sé ach rud beag an drochbhraon a thabhairt amach.
- Ciall mheafarach? An bhfuil 'dealg spionnáin' ag seasamh do rud éigin a mhealann an t-olc. Beagán cosúil le "can bring the worst out in me!".
- An fhírinne a nochtadh: Tabharfadh rud beag - priocadh beag - an t-olc atá ann chun solais.
Samplaí breise
1. Bhainfeadh dealg spíonáin fuil as, (of flushed, rosy-cheeked, person) a gooseberry-thorn would cause him to bleed.
bhainfeadh dealg spíonáin fuil as, a gooseberry prickle would make him bleed (he is so well-fed); dhéanfadh dealg spíonáin leis braon, even a gooseberry prickle will cause a suppuration, i.e. great evils have sometimes a small cause.
Bhídís chómh liusneamhail sin ó bheith ag ól na praisge go mbainfeadh dealg spuínáin fuil astu - ní bhíonn aon ghéire ná aon cholg mór ar dhealg spiúnáin.