do ló agus d'oíche
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Gan stad; an t-am go léir.
Samplaí corpais
Óir múineann Sé dhóibh neamhshuim i neithibh saoghalta agus greann ar neithibh na síoruidheachta; faillighe a dhéanamh de'n tsaoghal so, agus a ndúil go leir, do ló agus d'oídhche, do chur i n-aoibhneas na bhFlathas a bheidh acu ar an saoghal eile.
D'imthigh an bhliadhain agus níor imthigh basgadh ná bárthan ar aon chapall acu, do ló ná d'oidhche, i gcaitheamh na bliadhna.
Ar bh' aon iongna searbhas a bheith i n'aigne, do ló agus d' oídhche, i gcoinnibh a athar agus a mháthar féin toisg nár dhéineadar iaracht éigin ar eólus a thabhairt dó ar shaghas éigin Béarla, a bheag nú a mhór, briste nú slán, agus gan é fhágáilt ar nós an bheithígh allta nách mór?
Crostagairtí
Samplaí breise
Bím ann do ló agus d'uíche. I am there by day and by night.
Bion sé ar siúbhal do ló agus d'oídhche. It is going on by day and by night.
ag obair is ló ist uíche=ag obair do ló agus d'uíche
1. Á chásamh féin de lá agus d'oíche, bemoaning his lot day and night.
He works day and night, oibríonn sé de ló is d'oíche.