an beag a chur ina mhór (ar)
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
An dallach dubh, an dallamullóg a chur ar dhuine.
Samplaí corpais
Do chuir sé an beag 'na mhór orm. Do chuiris an dubh 'na gheal orm. Do chuir sé an cam 'na dhíreach orm.
Crostagairtí
Samplaí breise
Is féidir an focal céanna do ghlaca go fíor-mhinic 'na ní nú 'na mhódh, fé mar is rogha leis an gcainteóir é. Is módha ar an gcéad amharc iad so. .i. maith, olc, beag, mór, dubh, geal, cam, díreach, ach is féidir gach focal díobh do ghlaca 'na ní, <e.g.> Níl maith mór ann. An t-olc do sheachna. Do chuir sé an beag 'na mhór orm. Do chuiris an dubh 'na gheal orm. Do chuir sé an cam 'na dhíreach orm.