cos a chur i dtalamh
Nath fáthchiallachCeannfhocail
Cur síos
Seasamh go diongbháilte.
Samplaí corpais
Ach má tugtar le tuisgint dóibh go bhfuiltear lán-cheapaithe ar iad d'ídiú idir fhaobhar agus uisge, níor bh'iongna liom dá ndéanfaidís cos a chur i dtalamh agus an cath do thosnú arís ó bheadh a n-anam air.
Donchadh: Deir sé fiche rud. Deir sé ná fuil aon chiall ag an muinntir seo atá 'ghá cheapadh anois cos a chur i dtalamh i n-aghaidh an nóis sin ar a dtugtar "tréitáil." Gur b'amhlaidh a bheid na daoine ag magadh fútha, agus i n-inead an nóis do bhrise gur b'amhlaidh a neartóchar é.
Ní h-ag brath ar spionadh de'n tsórd san a bheidh na daoine atá 'ghá cheapadh anois cos a chur i dtalamh i n-aghaidh an ólacháin, a Dhonchadh.
Samplaí breise
Cuir sé a chos i dtalamh gan é dhéanamh = Cuir sé suas de é dhéanamh – ná déanfadh sé é.
1. Cos a chur i bhfeac, i dtaca, i dtalamh, i dteannta, to get a firm foothold, dig one's feet in.
Chuir sé cos i dtalamh. Ní chorróchadh sé. Bhí sé ceanndána. Chuir sé stailc suas.
14. Cos a chur i dtalamh. A bheith dána ceanntréan i gcoinne rud a dhéanamh, mar a dhéanann an t-asal nuair a thagann stailc ann.